Guth Ghoill, Eagrán 23
Eagrán 23 Samhain. 2008 14 súil lasta le greann. “ Ó, a Dhia, ” dúirt Feadaímó leis féin, “ cad é a shílfidh siad dom, mé ar mo dhá ghlúin sa chlábar agus mo chuid gruaige báite. ” Sheas sé agus rinne sé iarracht cuid den chlábar a ghlanadh de. “ Bhí na míoltóga ag dul dom, ” a dúirt sé, agus bhuail sé buille ar chúl a mhuineál mar bhí siad ag dul dó arís. “ Nach gcuireann siad isteach oraibhse ar chor ar bith? Bhí beirt as an íochtar ansin cúig bhomaite ó shin agus tá siad ar shiúl le rása agus asal leath - ite leo. ” “ Tá stuif ag Gráinne a dhéanann sí as meascán de shú neantóg agus an t - uisce ó dhuileasc bhruite, ” arsa Micheál. “ Nuair atá tú i do chónaí in aice le portach tá a leithéid a dhíobháil. Cad chuige nach dtagann tú a fhad leis an teach linn agus bhéarfaidh sí braon duit? Ní raibh a dhath eile le rá agus chuaigh Feadaímó leo agus lúcháir air nach raibh aon leithscéal a dhíobháil. Bhí pota mór prátaí ar an tine agus bhain Gráinne an clár dó. Tá muid go díreach in am ” a dúirt sí, “ cúpla bomaite eile is bheadh siad ar shiúl tríd an phota. ” Thóg Micheál iad anuas ón chráin agus rinne sé iad a thaomadh amuigh ar an tsráid. Bhí tochas millteanach ar chloigeann Fheadaímó i ndiaidh na míoltóg agus cha raibh sé ábalta neamhaird a dhéanamh air. Thóg Gráinne buidéal amach as bosca sa chlúid agus thug do Fheadaímó é. “ Cuir sin ort agus déan é a chuimilt isteach i gceart sula mbíonn do chraiceann uilig stróicthe díot. ” Shuigh Feadaímó ar stól agus thosaigh sé ar féin leis an stuif. Bhí sé dochreidte an faoiseamh a fuair sé. Stad an tochas ar an bpointe agus mhothaigh sé an teas ag imeacht óna chraiceann. ” M ’ anam le Dia, ach sin faoiseamh iontach, a Gráinne, shíl mé nach mbeinn i gceart arís i ndiaidh sin. Cad é a bhí sibh ag déanamh thall ar an droichead cibé? Is dóiche gur sin ceist a thiocfadh linne a chur ortsa fosta, a Fheadaímó, arsa Gráinne. Dhearg Feadaímó agus thug sé a aird go hiomlán don bhuidéal. Má thug sí faoi deara míchompord Fheadaímó níor lig Gráinne uirthi. “ Ach is é an rud a thug anonn muid na gur chuala mise an scairteadh thall. D ’ aithin mé do ghlór agus shíl mé gur istigh i lár racáin eile, cosúil leis an cheann inné, a bhí tú. ” “ A ghirsigh, achan uair a chluineas tú mo ghlórsa chan istigh i lár racáin a bheas me. ” dúirt Feadaímó. “ Nach tú atá tógálach tráthnóna? ” arsa Gráinne. Bhail, a ghasúir, chas mé ort don dara uair inné agus ghoin tú leath de chuid fear an bhaile bhig seo. ” Sheas Feadaímó, “ is ormsa a rinneadh an ionsaí inné ” a dúirt sé. “ agus rud eile de …” ach sula bhfuair sé deis a thuilleadh a rá tháinig Micheál eatarthu. “ An ndéanfaidh tú do shuipéar linn, a Fheadaímó, caithfidh go bhfuil ocras ort agus tú chomh fada seo ón bhaile? ” Shocraigh Feadaímó, bhí a fhios aige go raibh sé ag dul ar aghaidh mar a bheadh gasúr beag dímhúinte ann agus ní mar sin a bhíodh sé de ghnáth. Ina shaol go dtí seo bhíodh sé i gcónaí i gceannas. Ní raibh fear sa chontae a sheasfadh ina éadan. Bhí neart capaill ina chorp, agus bhí bua na cainte aige mar a thaispeáin sé ar an aonach i gCarraig Airt nuair a sheas sé in éadan na gceannaitheoirí agus dhíol sé an bhó le Micheál. Ach nuair a bhí sé i gcomhluadar na girsí seo bhí sé mar a bheadh balbhán ann an chuid is mó den am agus chuidigh an chonspóid leis a chuid faitís a chlúdach an chuid eile. “ Gabh mo leithscéal, a Ghráinne, ” dúirt sé, agus shuigh sé arís. “ Caithfidh go bhfuil mo chiall ite ag na míoltóga chomh maith le m ’ aghaidh. ” Níor dhúirt Gráinne a dhath leis ach shín sí babhla chuige ina raibh meall ime. Líon sí babhla eile an duine ansin le bainne géar, chuir sí pláta beag salainn ar an teallach agus shuigh an triúr acu thart ar an tine ansin agus iad ag baint an chraicinn de na prátaí lena méara agus a dtumadh san im. Bhí na prátaí mar a bheadh plúr ann agus shíl Feadaímó nár bhlas sé a leithéid ariamh. “ Cá bhfuair sibh an salainn? ” a dúirt sé, go dí- reach le comhrá a dhéanamh. Bhail maise, arsa Micheál, bhí fear as an Chorrach thart inniu leis. Sílim féin go bhfuil sé chomh maith le salainn ar bith a bhlas mé ó tháinig muid na cheantar. ” “ Níl a dhath caill air. ” arsa Feadaímó, “ agus réitíonn sé go maith leis na prátaí seo. ” Bhí a fhios ag Feadaímó go raibh an comhrá seo suarach ach ní raibh sé de chumas aige é a stiúradh bealach ar bith eile agus Gráinne ina suí ag a thaobh. Bhain sé an craiceann de phráta eile agus é ag smaoineamh ar rud éigin le rá. Bhí sé imníoch fán saol a bhí roimhe. Thug a sheanmháthair le fios dó ar maidin go raibh a athair réidh le dul chuig Feardaí Ghracie Bhán chun cleamhnas a eagrú. Bhí a fhios ag Feadaímó go raibh an ceart sin ag a athair agus suas go dtí le gairid char chuir sé isteach nó amach ar Fheadaímó mar gurbh é an pósadh an chloch a ba lú a bhí ar a phaidrín. Ach ó casadh Gráinne leis bhí achan rud bun os cionn. Cha raibh dóigh ar bith a dtiocfadh leis smaoineamh ar bhean ar bith eile. Chan amadán ar bith a bhí ann agus bhí a fhios aige go raibh sé ró - óg le pósadh ach bhí sé sásta, dá mba rud é go mbeadh ar fanacht cúpla bliain, sin a dhéa- namh, a fhad is go bhfanfadh Gráinne air. Ach cad é faoina athair is faoina mháthair? Cha ghlacfadh a athair le Gráinne mar nach raibh sí gaolta le muintir na háite agus cha ghlacfadh a mháthair léi mar go raibh Feadaímó ró - óg agus dar ndóigh mar go raibh sí féin ró - óg le bean eile a ligean isteach ‘ na tí lei. Ní raibh ach dóigh am- háin amach as, agus sin é go mbeadh air labhairt
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3