Guth Ghoill, Eagrán 23

Eagrán 23 Samhain. 2008 15 le Gráinne. Tharraing sé anáil dhomhain agus thug sé aghaidh ar Ghráinne. “ Tá mé ag iarraidh labhairt leat, a Ghráinne, agus bhail, is dóiche, eh, em …” Choinnigh sé ag dul ag stadaireacht mar sin agus an bheirt eile ag amharc air. Bhí meangadh gáire ar bhéal Gráinne ach níor chui- digh sí leis ar dhóigh ar bith. Thosaigh Micheál ag baint an chraicinn de phráta eile agus bhí Feadaímó fágtha leis féin agus gan é ábalta dhá fhocal chiallmhar a chur le chéile. D ’ éirigh Micheál agus chuir sé air a bhairéad. “ Tá an bhó le bleán agamsa, ní bheidh mé i bhfad uilig. Beidh tú an- seo nuair a thiocfaidh mé ar ais, a Fheadaímó? “ Beidh, ” dúirt Feadaímó. “ Níl sé ach luath go fóill. ” Thóg Micheál buicéad adhmaid ón tábla agus shiúl sé amach. “ Bhail, a Fheadaímó, arsa Gráinne, níl leithscéal ar bith agat anois. Cibé cad é a bhí ar d ’ intinn, caith amach é. ” Sheas Feadaímó, agus ansin shuigh sé arís. “ A Ghráinne, tá seo creath- nach deacair agamsa. Níl taithí de shórt ar bith agam ar an chineál seo cainte. Dar ndóigh, de ghnáth, cha bheadh mo leithéidse ag déanamh seo ar chor ar bith. Titeann an jab seo de ghnáth ar fhear an tí. ” Sheas sé arís. “ Is sé an rud atá mé ag rá leat, ná, em, b ’ fhéidir gur chóir dom labhairt le d ’ athair ar dtús. ” D ’ fhan Gráinne ina suí. “ A Fheadaímó, ” dúirt sí, “ labhair thusa anois sula dtagann m ’ athair isteach arís nó suí síos agus dé- an dearmaid de cibé a bhí ann. ” Bhí a fhios ag Feadaímó nach bhfaigheadh sé deis mar seo arís. “ A Ghráinne, ” a dúirt sé, “ caithfidh me seo a rá leat. Tá sé iontach tabhachtach. ” Thíos i nDún Dubháin tháinig Paidí Dhomhnail is- teach thar an tairseach ina theach féin. Bhí Nuála ag maistreadh i lár an urláir agus Cití ina suí sa chlúid. D ’ amharc Nuala air, “ ar labhair tú le Feardaí? ” “ Labhair mé, ” arsa Paidí. “ Tá cailín deas roghnaithe againn agus tabharfaidh muid cuairt ar an teach sin tráthnóna amárach. Beidh Feadaímó linn. ” Cé í? arsa Nuala. Beidh an chuid eile den scéal sa chéad eagrán ei- le. Coirnéal Thuathail Seo Proinnsí agus é ag aislingeacht arís. Deir sé go bhfuil an tír seo againn meata, rite agus cráite agus í istigh i lár ‘ economic crisis ’ faoi láthair. Cad chuige an bhfuil muid mar seo? Is é an paradacsa inár n - am na go bhfuil tithe agus oifigí níos mó againn ach intinní iontach cúng againn. Caitheann muid níos mó airgid ach tá níos lú de againn. Tá tithe níos mó againn ach teaghlaigh níos lú. Tá na bóithre níos leithne ach níl muid ag fáil ansin a dhath níos gasta. Tá deifir mhór orainn agus beagán foighde. Tá cuid mhaith níos mó dioplómaí agus céimeanna againn ach níos lú céille. Tá muid ráscánta fá airgead ach is gairid nach mbíonn. Tá leigheas ar níos mó galar ach níl muid níos sláintiúla. Ólann muid níos mó agus caitheann muid níos mó le beagán céille. Bí- onn muid ag tiomáint ró - ghasta agus níl faill againn amharc ar a chéile leis an soc atá orainn le fáil ansin go tapaidh. Nínn muid níos lú gáire agus níl a fhios againn cad chuige. Suíonn muid rómhall agus éiríonn muid róthuirseach. Níl faill again paidir a rá agus an bhfuil a fhios againn cad chuige? Anois mar go bhfuil meathlú ann b ’ fhéidir go mbeidh faill againn dearcadh ar cá bhfuil muid ag dul. Proinnsí Mac Giolla Bhríde Tomhais Bhí fear ag dul chun aonaigh is casadh air seach- tar ban, seacht mála le gach bean, is seacht gcat i ngach mála. Cé mhéad duine a bhí ag dul chun aonaigh? * * * * Tháinig sé gan mhothú, rugadh é gan craiceann agus fuair sé bás ag gabháil cheoil. Caide a bhí ann? * * * * Is deirge é ná an fhuil, Is duibhe é ná an fiach. Caide atá ann? (broim ) ( sméar dubh) (duine amháin)

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3