Guth Ghoill, Eagrán 23
Eagrán 23 Samhain. 2008 3 An chéad teach eile a dtéann muid thairis ná teach Bridget Coyle. Is de bhunadh mhuintir Shus as Gort na Luchóg í Bridget, iníon le Micheál Shus. Bhí sí pósta ar Phaidí Coyle as an Raplach. Fuair Paidí bocht bás i Mí Márta anuraidh agus crothnaíonn muid uainn go mór é ón bhaile. Ní raibh a dhath a chuirfeadh an oiread aoibhneas agus bród ar Phaidí lena chuibhreann galánta prátaí. Tá dhá gharpháiste ina gcónaí le Bridget, Carla agus Tony agus is deas a nglór binn a chluinstin agus iad amuigh ag imirt sa chuibhreann. Téann muid ansin comh fada le teach Bhill. An duine deireanach den teaghlach a raibh cónaí orthu anseo ná Kitty agus fuair sise bás in 1979. Clann Mhic Giolla Bhríde a bhí anseo ag dul i bhfad siar, ach cheannaigh Bill é agus bhog sé isteach ann. B ’ as An Gleann do Bhill agus bhí sé pósta ar Madgie Bhán Nic Giolla Bhríde as Ailt a ’ Chaorthainn. Bhí clann acu agus ina measc bhí Kitty, Bidí, Maggie, Máire, Denis, Paidí, Madgie, Sarah agus Micí. Bhí Sarah pósta ar fhear as An Fhrainc, fuair Mící bás in 1935, fuair Denis bás in 1927 agus fuair Paidí bás in 1926. Cailleadh Máire in 1939 agus Bidí in 1968. Bhí Maggie pósta ar Andy Phádraig Mac Pháidín agus cearthar de theaghlach a bhí acusan, Bill, Danny, Paidí agus Rita. Fuair Danny bás i gCeanada cúpla bliain ó shin agus cailleadh Paidí níos luaithe i mbliana. Bhí Madgie Bhill pósta fá Shligeach agus tá sise fosta ar shlí na fírinne. Múinteoir scoile a bhí in seanBhill agus chaith sé tamall fada ag teagasc in seanscoil agus in scoil úr Mhíobhaigh. Deirtear gurbh aige a bhí an chéad charr sa pharóiste. Bhí siopa ag muintir Bhill fosta agus is iomái uair a deachaigh mé soir chuig Kitty fá choinne Brandy Balls! Teach mór fá choinne imirt chártaí a bhí ann fosta, agus tharraingeodh go leor daoine air. Bhí range galánta sa chistineach ag Kitty agus í iontach mórtasach as an snas a bhí as! Nuair a bhíodh an humour maith uirthi, bhéarfadh sí cúpla milseán duit saor in aisce. Tá muintir Bhill uilig ar shlí na fírinne anois agus tá an teach ina theach saoire ag duine muinteartha dá gcuid, Pádraig Mac Pháidín, (mac le Pat Mór) a bhfuil cónaí air i gCeanada. Roinnt bliantaí ó shin, cheannaigh Joe Bradley agus a bhean píosa talaimh ar an bhaile agus thóg siad teach breá air. Is de bhunadh mhuintir an taobh thiar do Joe agus a bhean agus caitheann siad an samhradh ina dteach. Ar deireadh, tarann muid chomh fada le teach Bhrianaí. Bean dárbh ainm di Kit Sheoirse a bhí anseo ag tús an chéid seo caite. Rugadh í in 1837. Ba de chlann Mhic Dáibhead í fhéin agus bhí sí pósta ar fhear dárbh ainm dó Seoirse Ó Dochartaigh. Tháinig Brianaí Mac Lochlainn (Brianaí Brown) as Gort na Luchóg le cónaí ann, bhí Kit agus Brianaí muinteartha dá chéile. Fuair Paidí Coyle An cuibhreann breá prátaí a bhí ag Paidí Coyle Ar chúl sa phictiúr seo a ghlacadh sa bhliain 1951 tá: Ó chlé: 3ú - Fanny Bheag, 4ú - Sarah Bhrianaí, 5ú - fear céile Annie, 6ú - Annie, 8ú - Biddy Bhill, 9ú - Kitty Bhill. Chun tosaigh ó chlé: 1ú - Barney Bhrianaí, 3ú - Paidí Bhrianaí, 4ú - John Bhrianaí.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3