Guth Ghoill, Eagrán 23

Eagrán 23 Samhain. 2008 4 cuimhin liom an chónair luaidhe ar an tsráid ag tóin an tí agus Brianaí bocht ag sileadh na ndeor agus gan muid ábalta an chónair a oscailt le go bhfeicfeadh sé corp a mhic. Níor mhair Brianaí ró - fhada ina dhiaidh sin. Fuair bean Bhrianaí bás agus gan í ach ocht mbliana déag agus fiche d ’ aois ar Lá ’ le Stiofáin in 1922. Ní raibh Barney, an mac ab óige, ach bliain amháin d ’ aois san am. Cuireadh í thíos in Reilig Mhíobhuí ar an lá a raibh Barney bliain d ’ aois. Ba mhór an t - ultach a bhí ag Brianaí le hiompar. Ach, mór is mar a bhí ultach air, choinnigh sé a chlann uilig i gcuideachta a chéile. Bhí sé ag obair ar na bádaí “ Zulu ” a bhí ag iascaireacht amach as Na Dúnaibh ag an am sin, agus ina dhiaidh sin, chaith sé cuid mhór ama ag iascaireacht gliomaigh le cúpla púnt a shaothrú lena theaghlach a choinneáil ina mbeatha. Tá an ghlún sin den teaghlach uilig marbh anois. Fuair Annie bás ar an 5ú lá de Dheireadh Fómhair seo agus í naoi mbliana agus ceithre scór. Chaith sí tamall ag teagasc in Scoil Mhíobhuí agus í ina múinteoir óg. Bhí mé ag caint le cuid de na scolairí sí bás in 1913. Bhí Brianaí pósta tamall maith fan am seo ar Mhéadhbha Ní Fhrighil as Gort na Trá i bhFánaid. Deichniúr de theaghlach a bhí acu; Micheál, a fuair bás agus é ina leanbh beag, Máire, a bhí pósta i bhFánaid, Sarah, a bhí pósta ar Bhrianaí Beag Mac Giolla Cearra ar an Ard Bhán, James, a chaith an chuid is mó dá shaol i mBaile na Deora, John, a báitheadh in Sasana in 1955 agus é i gcabhlach na Breataine, Paidí, a chaith an chuid is mó dá shaol i mBaile na Deora, Francey, a fuair bás agus gan é ach seacht mbliana, Kitty, a bhí pósta i nGleann Bharr, Annie, a bhí pósta i gContae Liatroma, agus Barney, a chaith an chuid is mó dá shaol in Coventry. Faoi mar a dúirt mé, bhí John i gcabhlach na Breataine agus achan áit a théadh sé fríd an domhain, chuireadh sé cárta poist ‘ na bhaile go Baile na Deora. Tugadh a chorp ’ na bhaile go Baile na Deora nuair a báitheadh é agus is maith is Brianaí (Brown) i nGort na Trá i bhFánaid. Kitty, John agus Sarah Bhrianaí Muintir Bhrianaí - Paidí, Annie, James agus Barney James, Paidí, Kitty agus Barney Bhrianaí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3