Guth Ghoill, Eagrán 23
Eagrán 23 Samhain. 2008 5 a bhí faoina cúram san am sin agus is mór an meas a bhí acu uirthi. Bhí suim mhór aici i stair an cheantair agus í iontach eolach ar ainmneacha na mbláthanna fíane agus ar achan rud a bhain leis an dúlra. Bhí stór mór de sheanfhocla aici a d ’ fhoghlaim sí ar scoil. Is mór an chailliúint dúinn uilig a bás. Ba sa teach céanna seo a raibh cónaí ar Phaidí Bhrianaí, a bhean Sus Ní Dhochartaigh, agus Micheál, Nóirín agus Brian. Báitheadh Micheál amach ó Cheann Mhálainne ar Lá Fhéile Naomh Colmcille, an 9ú lá de Mheitheamh 1987. Is faire gan chorp a bhí againn dó mar nach bhfuarthas a chorp ariamh. Beidh a cuid féin ag an fharraige is dóiche. Tá Nóirín i mBaile na Deora i rith an ama agus tá Brian ina chónaí in Inbhear Náille. Sin agaibh anois turas agus tuairisc ar Bhaile na Deora. Is iomaí deor a sileadh agus gáire a rinneadh ar an bhaile chéanna. Leanfaidh muid an lóchrann A las ár sinsear romhainn, Is ní heagal linn go bhfeodhfaidh A gcró ’ nár ndiaidh. Buíochas do Phaidí Mac Aoidh, Mhicheál Ó Dochartaigh, Brian Mac Lochlainn, Cormac Goulding agus Annie Bhrianaí (RIP) a chuidigh liom an giota seo a chur le chéile. Maireann an scéal ach ní mhaireann an scéalaí. Ó tosaíodh ar an scéal seo a scríobh tá triúr acu imithe ar shlí na firinne, Annie Bhrianaí, Fanny Bheag agus Maire Thuathail. Leaba i measc na naomh go raibh acu. Nóirín Goulding. Mícheál, Bernard, Nóirín agus Paidí Bhrianaí Tabhair faoi deara gur ar dhréimire atá an curach ‘ na shuí. Annie Bhrianaí ag teacht le chéile Scoil Mhíobhaigh, 2006 Neil Cullen agus Paidí Bhrianaí Sean agus Óg Maire Thuathail Stiofáin agus Orla Goulding Lá Nollag, 2005.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3