Guth Ghoill, Eagrán 23
Eagrán 23 Samhain. 2008 6 Más fada an lá, tiocfaidh an coineascar. * * * Is minic a bhaineas duine slat a sciúras é féin. * * * Is minic cuma aingeal ar an diabhal féin. * * * Na trí cairde is fearr agus na trí naimhde is measa : uisce, gaoth agus tine. * * * Aitheantas san Astráil do Liachleachtóir (G.P.) de Bhunadh Charraig Airt. Tá bean de bhunadh Charraig Airt i ndiaidh bheith ainmnithe mar Liachleachtóir na Bliana san Astráil. Bronnadh duais “ Liachleachtóir na Bliana 2008” de chuid Choláiste Ríoga Liachleachtóirí na hAstráile ar an Dochtúir Christine Ní Bhuaidhe, atá ag cleachtadh mar Liachleachtóir ag Ionad Leighis Augusta Road, in Hobart, An Tasmáin. Is iníon í le hÁine agus Columba Ó Bu- aidhe, Carraig Airt. Tá an Dr. Ní Bhuaidhe ina cónaí le tamall de bhl- ianta anuas in Hobart, An Tasmáin agus í ag cleachtadh ansin mar dhochtúir teaghlaigh. Agus í ag fás aníos i gCarraig Airt, d ’ fhreastal sí ar Scoil Dhuibhlinn Riabhach go dtí 1975 agus ina dhiaidh sin ar Chlochar Loreto, Baile na nGallóglach go dtí 1980. Bhain sí amach céim leighis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1987. Tá an duais seo ann le haitheantas a thabhairt do dhochtúir teaghlaigh a léiríonn ina ghairm laethúil: tuigbheáil ar leith agus ceangal dlúth leis an bhrainse seo den leigheas, freastal agus seirbhís cuimsitheach ar a bpobal agus iad páir- teach go leanúnach i gcúrsaí traenála agus forbartha proifisiúnta. Tá an Dr. Ní Bhuaidhe gaibhte fosta le teagasc ag leibhéal fochéime sa Scoil Leighis d ’ Ollscoil na Tasmáine agus tá meas mór ag a cuid scoláirí uirthi agus í ina dea - shampla acu uilig. Is fada an lá í ag obair le treoirlínte a fhorbairt do dhochtúirí teaghlaigh agus tá a cuid moltaí in úsáid go leitheadach ag a comhghleacaithe áitiúla. Cuid suntasach dá cuid oibre is ea an obair a rinne sí le daoine atá i mba- ol, leis na bochta, le daoine gan dídean agus le daoine a bhfuil meabhairghalar ag cur as díofa. Aithnítear a cumas cruthaitheach sna dóighean- na agus sna modhanna a úsáideann sí le cúram a sholáthair do na hothair seo. Bronnadh scoláireacht taistil de $5,000 ar Christine i gcathair Melbourne ar na mallaibh. Is misniúil an bhean óg í agus déanann muid comhghairdeas ó chroí léi agus ádh mór uirthi sa tsaol atá amach roimpi. Caitlín Uí Mhaoileoin Ag ceiliúradh Oíche Shamhna i Naíonra Dhuibh- linn Riabhach.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3