Guth Ghoill, Eagrán 23
Eagrán 23 Samhain. 2008 7 Gáinne ó Chluain tSaileach sa tSean - am. Pléaráca ar an Ghleann Ard Seo scéal breá atá bunaithe ar Ros Goill sna triochaidí agus ina bhfuil grá, uisce faoi thalamh, talamh agus fealladh. Níl Séarlaí ag iarraidh a iníon bhreá, Fanny, a ligean ar shiúl le Sammy, fear nach bhfuil leathphingin aige. Tá a shúil ag Séarlaí ar níos mó ná sin dí. Ach smaoiníonn Sammy ar phlean. ‘S é seo scannán atá scríofa ag Proinsias Mac Giolla Bhríde le cuidiú ó Davina Nic Nuadht agus Máiread Mhic Thaighd (Meitheal Mhíobhaigh), le haisteoirí áitiúla, den chuid is mó ó Thionscnamh na bhFear agus ó Mhná Mhíobhaigh. Tá an tionscadal maoinithe ag an Ionad Cultúir Réigiúnach (Leitir Ceanainn) agus An Néarlár (Doire) faoin tionscnamh “Learning from the Past” . Bhí Seán Mac Giolla Chomhaill i mbun léiriúcháin le cúnamh ó Davina Nic Nuadht, Proinsias Mac Giolla Bhríde, Máiread Ní Ruanaidh agus Máiread Mhic Thaighd. Beidh an scannán seo le feiceáil ag bunadh na háite anseo sa bhaile, Déardaoin, an 18 Nollaig in Áras Ros Goill ag a 8 a chlog.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3