Guth Ghoill, Eagrán 24
Eagrán 24 Nollaig 2008 10 dhealbh Naomh Séamas agus ar an bhosca airgid ina bhfuil na taisí is mó a bhíonn tarraingt. Thig leat siúl thart ar chúl na deilbhe agus do phaidir a chogar ina chluais, agus siúl thart leis an bhosca luachmhar. Bíonn manach ina shuí in aice leis i gcónaí. Tá na Slíte eagsúla as na tíortha ar an mhór - roinn soiléir, agus téann daoine ar chois, ar rothair, ar chapaill nó cibé dóigh, ach is cosúil go ndeachaidh na hÉireannaigh thar muir go La Coruna, agus as sin ar chois go Santiago. Cupla bliain ó shin, chuaigh scaifte as an Daingean i gCiarraí ar an Jeannie Johnson anonn ar oilithreacht. Is ceantar fíorálainn Galicia, agus cultúr Ceilteach beo ann, agus a dteanga féin acu fosta. Tá siad ag bráth go mór ar an iascaireacht, agus tá port Vigo ar cheann de mhórchalafoirt iascaireachta na hEorpa. Tá go leor againn i gcoitinne le muintir Ghalicia, nár dheas ceangal a chothú eadrainn? Peigí Ryder An bosca airgid ina bhfuil taisí Naomh Séamas Meitheal Mhíobhaigh Teoranta Bá mhaith le Coiste agus Foireann Mheitheal Mhíobhaigh á mbuíochas a ghabháil le muintir na háite agus lena lucht maoinithe ar son a gcuid tacaíochta i rith na bliana. Ba mhaith leo fosta Nollaig shona agus Athbhliain faoi mhaise a ghuí oraibh uilig. Beidh Ionad Acmhainne Mhíobhaigh druidte ó 12.30 i.n. Dé Máirt, 23 Nollaig go dtí Dé Céadaoin, 7 Eanáir, 2009. Puins Nollag – Gan alcól Pionta (570ml) Sú Oráiste Milsithe Pionta (570ml) Sú Úill ¼ pionta (140ml) Uisce ½ spúnóg bheag (1.25ml) Sinséar Meilte ½ spúnóg bheag (1.25ml) Spíosra Measctha Oráiste Táthchodanna Roghnacha (Optional Ingredients) ½ Líomóid ½ Líoma Bata Cainéil (cinnamon stick) Cuir sú oráiste, (líomóid agus líoma má tá tú a úsáid) sú úill, uisce, sinséar agus spíosra i sáspan. Bruith, ansin laghdaigh an teas agus cuir ar suanbhruith é ar feadh 5 bhomaite. Cuir an puins te isteach i ngloiní teo le sliseanna oráiste agus úill.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3