Guth Ghoill, Eagrán 24
Eagrán 24 Nollaig 2008 11 Gnásanna a bhain le Tórramh i Ros Goill. Rachadh muintir an tí agus cíbe duine a bhí istigh sa teach amach go dtí ’ n tsráid sula dtógfaí an chónra amach as an teach lá an tórraimh. Bheirtí an chónra amach as an teach agus chuirtí é ina shuí ar dhá stól nó cathaoir agus deireadh duine éigin cúpla paidir. Ní chuirtí an chónra ar an talamh. Bhí an sagart i gcónaí i láthair ag an tórramh agus ní ligfí an chónra síos ‘ na reilige go dtí go mbeadh an sagart ann. Chaithfeadh an tórramh a bheith thíos sa tSeanreilig ag a trí a chlog. D ’ iompródh ceathrar fear an chónra ar a gcuid guaillí, beirt chun tosaigh agus beirt ar cúl, agus de ghnáth bheadh ochtar i gceist san iomlán. Chaithfeadh siad uilig a bheith ar an airde amháin. D ’ iompródh muin- tir an bhaile an chónra, daoine go háirithe a bheadh muinteartha don mharbhán. Ag dul siar b ’ fhéidir leathchéad bliain roimhe sin, chaithfeadh an chéad cheathrar a d ’ íompródh an chónra a bheith den sloinne céanna. Bhí cuid de na sloinnte gann ag an am ach gheobhadh siad i gcónaí daoine ar dhóigh inteacht. Chomh maith le seo, shiúlfadh fear eile den tsloinne chéanna os comhair na cónra agus cros ar iompar aige, ón teach rith an bhealaigh síos go dtí ’ n reilig. Nuair a bhí turas fada le déanamh mar shampla, aniar as Dún Fionnachaidh nó as Cill Mhic n - Éanáin, ghlacfaí scíste leath- bealaigh. Bhí leacacha áirithe a dtugtaí ‘ Lag na gCorp ’ orthu agus d ’ fhágfadh siad an chónra ar cheann de na leacacha seo ar feadh tréimhse ama nó in amanna go dtí an lá dár gcionn. Turas rófhada a bheadh ann in aon bhabhta amháin, go háirithe dá mbeadh an chónra trom. Bhí an rud céanna i gceist leis an mhuintir ón taobh thiar den leithinis. Ra- chadh siadsan suas Doire a ’ Chasáin Beag agus amach ansin ag teach Phaidí Shearlaí Ciarraigh áit a raibh ‘ Lag na gCorp ’ agus d ’ fhágadh siad síos an chónra agus dhéanadh siad a scíste ar thaobh Bhaile an tSléibhe ar feadh fiche bomaite nó mar sin. Tá áit eile ansin a dtugtar ‘ Cnoc na Marbh ’ air agus deirtear gur ansin fosta a dhéanfaí scíste nuair a bheadh tórramh ar an bhealach go dtí ’ n reilig agus gur sin an tuige a tugadh ‘ Cnoc na Marbh ’ air. Bhí nós ann go gcaithfí an chónra a thabhairt go dtí ’ n reilig an bealach ab fhaide ón teach, nár cheart an aicearra a ghearradh. Ní raibh sin fíor i gcónaí mar go mbeadh an turas rófhada ach ní rachadh siad an bealach céanna dhá uair agus tá sin amhlaidh go fóill. Dá mbeadh tórramh mór ann, chiallódh sé seo go raibh meas an phobail ar an duine a bhí marbh agus go mbeadh an ofráil níos mó. Bheadh an sagart taobh amuigh den reilig ag feitheamh ar an tórramh, agus nuair a ghe- obhadh siad fhad leis, leanfadh an tórramh é isteach go dtí ’ n reilig. Dhéanfadh an sagart an uaigh agus an chónra a choisreacan agus chuirfí an chónra síos faoi thalamh. Bheadh buidéal beag uisce coisricthe le muintir an tí agus chuirfí an buidéal síos le taobh na cónra. Deireadh an sagart na paidreacha agus ansin nuair a bhíodh an uaigh druidte rachadh achan duine fhad le ‘ Leac na nOfrálacha ’ agus ba ansin a dhíoltaí an ofráil. Théadh achan duine ‘ na bhaile ansin. D ’ fhanadh cúpla ban ar ais sa teach le linn an tórraimh agus bheadh tae agus greim le hithe réidh acu do mhuintir an tí nuair a thi- ocfadh siad ar ais ón reilig. Bhéarfaí cuireadh do chuid de na comharsana theacht ar ais chun an tí fosta agus b ’ fhéidir go mbeadh deoch nó dhó acu ansin. Bheadh sé de dhíth go mór orthu agus iad ag pilleadh ‘ na
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3