Guth Ghoill, Eagrán 24
Eagrán 24 Nollaig 2008 12 bhaile i ndiaidh slán a fhágáil ag a gcairde muirneach i Sean - Reilig Mhíobhaigh. Tá saolré na Sean - Reilige stairiúla seo ag teacht chun críche, agus nach iomaí scéal a thiocfadh léi a insint dúinn fán mhuintir a chuaigh romhainn agus atá anois curtha i gcré na cille anseo agus gan de chuideachta acu ach scread na bhfaoileog agus crónán na Maoile Ruaidhe. Gurab amhlaidh a bheas sé sa cheantar bheannaithe, naofa seo agus go bhfágtar é faoi shuíochán ag anamacha na marbh. Ba mhaith liom an chuid seo do scéal sheanreilig Mhíobhaigh a chríochnú le traidh- fil véarsaí ón amhrán iomráiteach “ Thíos Cois na Trá Domh ”; Istigh ar na h - inseáin tá sean - reilig bheannaithe An áit inar mhair naoimh san aimsir fadó Tá daoine istigh ann a chaith seal go h - aerach Ní shiúlfaidh siad thart fán chladach níos mó. Bhuail uaigneas m'intínn 's mé ag amharc ar an reilig 'S mé ag meadhradh ar dhaoine istigh ann ina luí Fir 's mná óga, seandaoine 's páistí Muintir mo mhuintir 's cairde mo chroí. Tá na coiligh ag glaoch 's na réalta ag bánú Tá an ghealach ina luí 's ní fada go lá Slán agat anois a shean - reilig bheannaithe 'S na daoine a shiúlfadh liom síos cois na trá. Fíona Pasoma Is geal leis an fhiach dubh a ghearrcach féin. * * * Is maith an bádóir an té a bhíos ar an talamh. * * * Síleann fear na buile gurb é féin fear na céille * * * *
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3