Guth Ghoill, Eagrán 24
Eagrán 24 Nollaig 2008 13 Fiachra Mac Pháidín. I mí Aibreán na bliana 2007 rinneadh Fiachra Mac Pháidín, mac le Déaglán (Jack), a dhi- agnoísiú le leoicéime (leukaemia) den chineál Chronic Myeloid. Bhí sé dhá bhliain déag d ’ aois. Insíodh dó gur aicíd fola a bhí sa leoicéime ach cha raibh i bhfad gur thuig sé gur ainm eile do leoicéime ab ea ailse fola, agus bhain seo an croí as agus shíl sé go raibh a shaol thart. Mhothaigh sé iontach brónach agus bhuail eagla é. Ach de réir mar fuair a theaghlach agus é féin níos mó eolais ón fhoireann leighis i Singapore, áit a bhfuil cónaí orthu, thuig siad go bhféadfaí an cineál seo leoicéime a leigheas, agus go raibh an t - ádh air fosta sa mhéid go raibh beirt dheirfiúr aige a raibh meaits cruinn acu le smior (marrow) a thabhairt dó nuair a bheadh Trasphlandú Smeara aige amach anseo. Caitheann sé a shaol mar a dhéanfadh aon stó- cach ag trí bliana déag, glacann sé táibléad am- háin achan lá lena chuid fola a choinneáil sa ré- imse ceart agus tá sé tiomanta é fhéin a choinneáil folláin. Tá sé lán dóchais agus fu- innimh. Rinne Lance Armstrong, an rothaí Meiriceánach Fiachra a spreagadh go mór, thaitin sé leis an dóigh a lean Armstrong ar aghaidh go cróga nuair nach raibh rudaí ag amharc rómhaith dó. Caitheann sé rostbhanda buí Armstrong ‘ Livestrong ’ a cruthaíodh le tuiscint ar ailse a mhéadú agus le daoine a spreagadh a saol a chaitheamh go hiomlán. Tá rostbhanda gorm a chaitheamh ag Fiachra fosta, seo ceann a rinne sé féin a dhearadh agus an mana ‘ fight for life ’ agus a ainm fhéin eitseáilte air i dtéacs éadrom ghorm. Cuireann na rostbhandaí seo i gcuimhne dó a aghaidh a thabhairt go cróga ar an bhealach chorrach atá roimhe. Ón am a hinsíodh dó go raibh leoicéime air ghlac Fiachra páirt i dTriathlon Singapore 2007 agus 2008, ritheann sé rásaí 10c chomh minic agus is féidir leis, agus ritheann sé an rása bliantúil ‘ Run for Hope ’ (Terry Fox), seo uilig le hairgead a bhailiú d ’ ailse, agus deir Fiachra go leanfaidh sé den rása seo chuile bhliain go dtí go gcomhlíonfaidh Terry Fox a aisling, sé sin leigheas a fháil d ’ ailse. Tá Fiachra iontach dearfach agus tá dearcadh breá folláin aige ar an saol. Thraenáil Fiachra go dícheallach do rása 10c a bhí ar siúl i Singapore ar an 7 Nollaig. Tá ar Fhiachra sos a ghlacaint anois agus scíste a bheith aige mar ullmhúchán do dháta tábhachtach ina shaol, sin an 15 Eanáir, mar gur ar an lá seo a bheas an Trasphlandú Smeara aige. Tá a fhios aige go bhfuil bealach fada roimhe agus beidh sé den scoil ar feadh bliana ach tá sé anois réidh don trasphlandú, agus deir sé nach bhfuil sé imníoch fá cad é atá amuigh ansin roimhe. ‘ Sé an chomhairle atá aige do dhuine ar bith macasamhail é féin ná ‘ fanacht dearfach, coinneáil ag comhrac agus a bheith ag urnaí. Bí- onn laethanta ann nach mbíonn tú ag mothú ró- mhaith agus a mbíonn fonn caointe ort agus go mbíonn fearg i do chroí ’ ach deir sé “ tá sin ceart go leor fosta mar gur maith an rud é do chuid mothúcháin a scaoileadh uait ”. Guímis uilig gach adh ar Fhiachra ar an 15 Eanáir go dtiocfaidh biseach air agus go mbeidh sé i mbarr a shláinte arís. Gasúr cróga.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3