Guth Ghoill, Eagrán 24

Eagrán 24 Nollaig 2008 15 Scéal Mhánas Mhicí Mhánais. Mánas Ó Gallchóir. Seo an scéal a fuair Sally óna huncail Mánas ag tús na bliana seo. Cur síos atá ann fána shaol agus na háiteanna ar oibrigh sé iontu. Is fiú go mór na scéal- ta seo mar go dtabharann siad léargas dúinn ar an saol corrach a bhí sa tír seo ag an am, saol inár fhulaing daoine léan agus leatrom agus iad ó áit go háit agus ó thír go tír ar lorg oibre. Bhí cónaí ar Mhánas i nGort a’ Choirce ag deireadh a chuid laetha agus fuair Mánas bás ansin le linn an tSamhraidh. Ar dheis lámh Dé go raibh a anam dílis. Rugadh Mánas thíos ar an Ghlíob sa bhliain 1924 agus bhícúigear deartháir aige, Johnny, an duine ba sine, Micheál, Dinis, Proinsí agus Paidí, agus dhá dheirfiúr, Grace agus Máire. Sally a bhíar a mháthair agus ba as Cluain tSaileach í agus Micí a bhí ar a athair. Ba chuimhin leis dul na scoile don chéad uair i mí Aibreáin nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus é costarnocht. Bhí Bill Mac Lochlainn mar phríomhóide ann ag an am agus bhímúinteoir eile darbh ainm iníon NíChannáin as Teileann ann. Bhí sise pósta ar Phroinsias Mac Giolla Bhríde (Phaidí Dhonnachaidh). Dhá mhúinteoir dheasa a bhíiontu. Thart fán am sin a fuair a uncail Proinsíbás. Maidin Dé Domhnaigh a bhíann agus bhíMánas thuas ar chúl an tí lena mháthair ag tabhairt a gcuid do na cearca nuair a tháinig Nancy Phaidí Dhonnchaidh agus seál uirthi, agus í i ndiaidh teacht ón Aifreann mall. Shiúl sías Carraig Airt agus ba chuimhin leis í ag insint dá mháthair gur bualadh Proinsíle carr thu- as ag teach AndíPhádraig agus go raibh sé ina luíar an bhealach agus éadach caite sa mhullach air. Tithe ceann tuíuilig a bhíar an Ghlíob nuair a bhí Mánas óg. Bhíneart oibre le déanamh ag gasúir óga, ag tarraingt uisce, ag sábháil móna, ag coimhéad na n- ainmhithe, ag sábháil féir agus a leithéid. Ba chuim- hin le Mánas a bheith ag baint feamainne thíos ag Al na Dualtaílá amháin, le cur ar an talamh chun é a leasú, agus ceann de na h-asail ag dul in abar sa ghaineamh slogach air. Bhíeagla an domhain air go dtiocfadh an fharraige isteach uirthi agus rith sé fhad le teach Thomáis. Chuaigh Joe agus Proinsias Ó Cuilinn síos leis agus d’éirigh leo an t -asal a thógáil amach as. Nuair a bhíMánas ar an scoil bhísé ar fostú anseo is ansiúd. Bhísé ar fostú i dteach PhaidíÓig nuair a bhísé bhliain déag d’aois agus ag stopadh ann i rith na seachtaine. Bhísé ag obair do Dinis Phat ar feadh tamaill agus bhíDinis creathnach maith. Níligfeadh sé duit obair throm a dhéanamh ar eagla go ngortófá thú féin. Bhíodh sé ag coimhéad an eallaigh, ag sábháil móna, amuigh ag treabhadh agus mar sin de. £2 agus 10 scillinge a gheofá don sé mhí. Nuair a bhí sé ag cur isteach na mbó maidin amháin do Dinis scairt Den a’ Phartholán air. “Tar isteach go bhfeicfidh tú an fear seo” a dúirt sé. Isteach leis an bheirt acu agus d’oscail Den doras an tseomra. Bhí Partholán ina luísa leaba, marbh. “An síleann tú go bhfuil sé marbh” a dúirt Den. Cha raibh Mánas ach dhá bhliain déag ag an am agus d’imigh sé amach ina rith ar ais ag Síle i dteach Phat. D’éirigh Bill as an mhúinteoireacht nuair a bhíMánas ar an scoil agus bhícúpla múinteoir eile ann ina am. Cha raibh Mánas ceithre bliana déag amach ‘s amach nuair a d’fhág sé an scoil. Bhícoicís le déanamh aige ach tharla rud inteacht ar an scoil lá amháin. Bhísé féin agus Ned Shearlaíina suíag an deasc agus bhí John Cullen (John Henry)ina shuírompu. Thóg Ned an tobar dúigh agus chuir sé é síos cúl muiníl John. Chuir an máistir an locht ar Mhánas agus bhatráil séé le bata agus d’fhág sé cnapáin air. Bhísiad a chur ‘na scoile lá arna mhárach agus d’imigh Mánas amach an Seanscoil Mhíobhaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3