Guth Ghoill, Eagrán 24

Eagrán 24 Nollaig 2008 16 cnoc. Luigh sé istigh faoi leac i rith an lae go dtígo raibh sé ag éirigh dorcha. Bhían teaghlach amuigh a chuartú ach d’fhan Mánas i bhfolach go dtígur ghlac sé eagla. Cha deachaigh sé ar ais ‘na scoile. ‘S é an chéad jab a bhíag Mánas nuair a d’fhág sé an scoil ná le Bill, an t-iarmhúinteoir. Bhí garradh mór aige agus rinne sé an talamh réidh agus chuir sé na prátaídó. Dhá scilling sa lá a fuair sé ag an am agus mar a dúirt sé féin ghlac sé am fada dó sábháil suas fá choinne culaith. Rinne John a’ Táilliúir an chéad chulaith dó agus chosain sé £2 agus 10 scil- linge. Ba chuimhin le Mánas gur sin an áit a fuair sé an chéad “fry” ariamh. Dúirt Bill leis lá amháin go raibh a fhios aige gur fhág sé an scoil agus seans nach raibh mórán foghlama aige. Mhol sé dó na páipéir a léamh achan lá agus go bhfaigheadh sé níos mó foghlama ansin ná gheobhadh sé a choíche ar an scoil. Ghlac Mánas leis an chomhairle agus choinnigh sé leis a‘ léamh. I ndiaidh sin chuaigh sé ar fostú ag aintín dó, Nan, amuigh i mBaile na tSléibhe. Mar a dúirt sé féin, bhísémar a bheadh príosún ann. Bhísí in ainm a bheith naofa ach bhísícreathnach géar. Bá ghnách léi an glas a chur ar an doras ar maidin agus í ag dul chun Aifrinn ar an chéad Aoine agus cha bheadh greim bia le fáil go dtiocfadh sí ar ais san oíche. Nuair a bheadh achan rud déanta sa tráth- nóna rachadh sé anonn ag na comharsana, muintir UíDhufaigh agus bhíodh craic go bráth ansin. Am an chogaidh a bhíann agus bhíWillie i ndiaidh teacht abhaile as Albain agus é lán scéalta ‘na bhaile. Na hoícheanta airneáil seo tíDuffy a choinnigh i mBaile an tSléibhe é ar feadh na sé mhí. Bhí teach eile amuigh ar an chnoc, teach na Spiairíagus bhíPeadar, Micí, Cití, John agus a bhean chéile Bidí ina gcónaí ann ag an am. Bhíbád (skift)ag John, “The Daylight Star” The gallant boat, the Daylight Star, She’s commanded by a plucky chap, Young Spiaire of Cnoc Mór. Cúig phunt a bhíag dul don sé mhían t-am sin ach d’inis a aintín dá mháthair nach ndearna Mánas a dhath di i rith an tsamhraidh agus gur mharaigh sé a hasal. Níbhfuair sé díolta ar shon na sémhí ariamh. Chuaigh Mánas ag obair do Stephen Jack nuair a bhí sé thart fá chúig bliana déag d’aois agus ansin ag un- cail dó féin, John a’Tailliúir, i gCluain tSaileach. Bhí am maith aige sna háiteanna sin, ag sábháil móna agus a leithéid. Tráthnóna Dé Domhnaigh shiúlfadh siad suas fhad le teach Isaac agus bheadh scaifte cruinnithe ansin. Shiúlfadh siad amach an bhealaigh fhad leis an stáisiún nó b’fhéidir siar fhad leis an lodge. Sin an craic a bhí acu. Cha raibh airgead ar bith acu le bheith ag dul isteach sna tithe tábhairne ach, ba Teach Nan i mBaile an tSléibhe Seanbhallóg na Spiairí Ballóga Stáisiún an Gharda Cósta Ó chlé tá Micheál Ó Gallachóir (mac Ghrace), Cití Mhic Giolla Bhríde (Bean chéile John a ’ Tailliúir), Rosie Mhic Giolla Bhríde (Bean chéile Phaidí Mhicí Rua), Nan a bhí i mBaile an tSléibhe agus Rosanne Mhici Rua.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3