Guth Ghoill, Eagrán 24

Eagrán 24 Nollaig 2008 17 chuimhin le Mánas lá amháin nuair a bhísé sé bliana déag d’aois, thug fear a bhí ina gheafar leis an Chomhairle Chontae leathchoróin do féin agus do Phaidí Óg Mhicí Rua le dul thart agus iarraidh ar John Andie theacht amach leis an bheathach agus an charr lá arna mhárach le hobair ar an bhealach. Chuaigh Mánas agus Paidí fhad le teach tábhairne Davey Beag (an Beach)sna Dúnaibh agus bhuail siad cnag ar an fhuinneog. Sé pingine a bhíar bhuidéal Guinness agus cheannaigh siad cúig bhuidéal. Shuigh siad thíos ar an trá a n-ól. Maraíodh Paidí bocht in Albain i 1945 nuair a bhísé bliain is fiche d’aois. Bhísé ag obair ar fheirm agus bhísé ag teacht aníos an cabhsa ar a rothar, é ag dul isteach go Couper, nuair a bhuail carr é. Am an Chogaidh. Bhídeartháir de Mhánas, Micheál Mór, san Arm agus thréig sé. Bhílear acu ag tarraingt amach an t-am sin agus rachadh siad isteach sna Sé Contae ach tháinig Micheál ‘na bhaile agus bhísé thall ag Dinis Phat ag baint phrátaínuair a tháinig na saighdiúiríagus thóg siad é. Ach fuair sé amach as an Arm tamall ina dhi- aidh sin agus d’imigh sé go hAlbain. Le linn an chogaidh bá ghnách le daoine a bheith thíos ar an trá luath ar maidin ar eagla go dtiocfadh rud ar bith is- teach leis an taoide agus maidin amháin nuair a bhí Mánas thart fá chúig bliana déag bhísé féin agus a dheartháir Dinis ann nuair a tháinig tríbhairille ola isteach. Dhíol siad beirt acu ach bhípoll beag sa tríú bairille agus rinne siad é a rolladh ó Thrá na Rossan go dtían chros i nDún Dubháin. Chuir Proinsias Ó Cuilinn rud beag sádair air dóibh, bhain siad poll an- sin agus chuir siad an bairille i bhfolach. Nuair a chuaigh siad síos lá arna mhárach bhían bairille ar shiúl. Goideadh é. Maidin Dé Domhnaigh ansin ag an Aifreann thíos sa scoil insíodh do Mhánas go raibh an bairille thall ar thaobh Fhánada agus chuaigh PaidíBhrianaíanonn leis ar an churach le é a thógáil. Rinneadh iarracht é a bhaint díobh nuair a shroich siad Dún Dubháin arís agus ach ab é go raibh an sádair air mar chruthú gur leo é, bheadh sé caillte acu. Thigeadh céir isteach leis an taoide agus dhéantaí coinnle amach as. Bhíadhmad ag teacht isteach fosta agus lá amháin bhítraidhfil fear thíos faoi Chnoc na Sleá agus planc mór ag teacht isteach. Cibé fear a gheobhadh é ba leis é. Léim John Hughie Mhánais amach. Fear óg a bhíann, thart fá seacht mbliana déag, agus dóbair gur bádh é. Bhísé ag strácáil leis agus shíl na fir eile go mbeadh sé caillte ach d’fhan sé air agus sa deireadh d’éirigh leis é a thabhairt isteach. Ar shiúl as Baile. Bhírudaíolc ag tús an chogaidh ach de réir a chéile d’athraigh rudaí. Bhílear de na boic óga ag imeacht go Doire mar bhíníos mó oibre ann, ag tógáil aerfort agus a leithéid. Nuair a bhí sé ocht mbliana déag d’aois d’imigh Mánas agus John Ghracie ar an bhus isteach go Doire ag cuartú oibre. D’inis sé dá dheirfiúr, Máire, ar maidin go raibh sé ag imeacht. Níor inis sé dá thuismitheoiríar eagla go mbeadh siad ag iarraidh air fanacht sa bhaile. Bhísiad ámharach go leor mar nuair a tháinig siad den bhus i nDoire bhí fear ansin ag cuartú oibrithe le dul ag obair ag an aer- fort in Ballykelly. D’fhan siad ansin go raibh an jab chor a bheith críochnaithe agus ansin chuaigh siad ag obair i gcairéal in Ringsend, taobh amuigh de Gharbh Achaidh. Níraibh rudaímaith ansin. Gheofá píosa aráin amach leat ar maidin le rud beag ime air, agus tae dubh. Cha raibh bainne nó siúcra ar bith duit. Bheifeá ag obair ocht n-uaire ar sin. Scilling san uair a gheofá an t-am sin agus dá mbeadh lá fliuch ann ní bhfaighfeá a dhath. Nuair a bheadh an lóistín díolta, cha raibh chor a bheith a dhath fágtha. I ndiaidh an darna lá dó a bheith ag obair ann, nuair a chuaigh Mánas isteach le é féin a nígoideadh an cúig scillinge a bhíaige agus bhísé fágtha gan pingin. Chaith siad mí amháin san áit sin agus d’imigh siad ansin go Léim a’ Mhadaidh. Chuaigh John na bhaile agus chuaigh Mánas amach ag cuartú oibre ar na feir- meacha. Fuair sé obair ar fheirm dhá mhíle taobh amuigh de Léim a’ Mhadaidh agus chaith sé an sam- Chun tosaigh ó chlé tá Micheál Mór, Máire (iníon Mhánais) agus Pat a fear céile. Ar chúl tá Mánas, Annie, Rosanne (iníon Mhícheáil), Marie (bean chéile Mhícheáil), agus Dinis Mhicí.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3