Guth Ghoill, Eagrán 24
Eagrán 24 Nollaig 2008 18 hradh ansin. Fuair sé £2-10s don tseachtain, agus a chuid. Chas sé ar Bhrianaí Ó Cannáin as an Ard Bhán ansin. Bhíseisean ag obair ar fheirm in aice leis agus bá ghnách leo siúl isteach go Léim a’ Mhadaidh fá choinne buidéal Guinness. Gheofá buidéal ar 8 bpingine. Cha raibh na tithe tábhairne sna sé contae oscailte ar an Domhnach ag an am ach bhíaithne ag Brianaíar thábhairneoir agus gheobhadh siad isteach an doras cúil. Chuaigh Brianaíag obair ar fheirm i nDoire i ndiaidh tamaill ach tháinig a dheartháir, Den ag obair i Léim a’ Mhadaidh thart fán am céanna. Chuaigh Den isteach in Arm na Breataine ina dhiaidh sin agus mharaigh snípéir é an lá a chríochnaigh an cogadh. Nuair a d’fhiafraigh mé de Mhánas an raibh sé uaigneach i ndiaidh dó an baile a fhágáil dúirt sé gurbh an Domhnach an lá ba mheasa. Chuir sé i gcuimhne dó fear as Ciarraía bhíina chuideachta in Albain uair amháin agus é sa dóigh chéanna. Bhísi- ad ag stopadh i gcampa agus achan tráthnóna Dé Domhnaigh déarfadh sé “Bheinn ag na crosbhealaigh anocht dá mbeinn sa bhaile” agus sin an dóigh a bhí sé. In Albain . I ndiaidh tamaill chuala Mánas go raibh siad ag cuartú fir in Albain le dul ag obair ar fheirmeacha. Chaithfeá clárú i nDún Fionnachaidh fána choinne agus chuaigh Mánas abhaile don deireadh seachtaine. Chuaigh sé féin agus Neil Cullen go Dún Fion- nachaidh ar rothair le clárú agus trí seachtaine ina dhiaidh sin fuair sé scéal le himeacht. D’imigh scaifte acu an t-am sin, é féin, Neil, Anton Ó Dochartaigh, Brianaí Phaidí Mhór, Den Coyle, Jimí Phaidí Dhonnchaidh, Paidí ShearlaíPhaidí, Danny Duffy, Fardie Áinne agus uncail do Joe Ghracie, Paidí. Nuair a tháinig siad den bhád i nGlaschú bhíbean ansin ina n-airaicis agus thug síiad isteach i gcaife fá choinne greim bia. Chuir síiad ar an traein ansin le dul síos go Ayrshire. Bhícoiste in Ayr agus chuir siad Mánas, Anton Ó Dochartaigh, Fardie agus Paidí ShearlaíPhaidíamach ar fheirm amháin. Bhícraic maith ansin le muintir Árainn Mhóir agus muintir Mhaigh Eoigh a bhíag dul do na prátaí. Foirgneamh úr a bhíansin dóibh, achan rud deas glan ann agus dhéanfá do chócaireacht féin. D’fhan siad ansin ar feadh trí mhí ag obair ag an fhéar agus ag an fhómhar. Obair láimhe uilig a bhíann an t-am sin. D’imigh Fardie na bhaile ansin agus chuaigh Mánas go Fife mar go raibh lear de mhuintir na nDúnaibh ann, a dheartháir féin, Dinis, Ned Shearlaíagus Dan- ny Duffy ina measc. Chuaigh sé amach ag obair i gcuideachta le Danny ar fheirm ansin. Ag tarraingt biatais a bhí siad ansin. ‘Sé sin an áit a maraíodh PaidíMhicíRua bocht. D’imigh Mánas agus Charlie Boyce go Sasana ina dhi- aidh sin agus chaith siad tríno ceithre oíche i model in York. Sin an áit a bhísiad nuair a chríochnaigh an cogadh agus bhí oíche mhór ann, achan duine amuigh ar an tsráid ag ceol agus ag damhsa. Cha raibh obair ar bith le fáil in York agus chuaigh sé féin agus Charlie amach ag siúl ag cuartú oibre. Cha raibh a dhath acu le hithe ach arán. Gheofá cúpóin achan seachtain ach bhína cúpóin rite amach. Bhuail an t- ocras Mánas agus sa deireadh chuaigh sé suas fhad le teach mór feirme agus d’fhiafraigh sé de bhean an tí an dtiocfadh léi rud ar bith a thabhairt dó le hithe. Dúirt sínach raibh go leor aici dá fir féin. Shiúl sé anuas an láná arís ach thit sé i laige leis an ocras. Bhí sé ina luíansin ar feadh tamaill sular tháinig sé aige féin arís ach nuair a shiúl siad cúpla céad slat eile bhí teach beag cois an bhealaigh mhóir. Bean óg a tháinig go dtían doras agus tachrán beag ina baclainn aici. D’iarr sé cúpla slis aráin uaithi agus tháinig síamach le cupa bainne d’achan duine acu agus cúpla slis aráin. Bhísé iontach buíoch don bhean sin. MíMei- thimh a bhíann, drocham den bhliain le bheith ag lorg oibre agus d’fhill siad ar ais ar Fife arís. Ina dhi- aidh sin chaith sé tréimhse ag obair i nGlaschú agus ansin sna “steelworks” in Corby. Bhílear den mhuin- tir thart ag obair in Corby, Neil agus MicíCullen, John agus Hughie Hughie Mhánais. BhíMánas ag obair le comhlacht as Glaschú, Shanks & McEwan agus bhí fear darbh ainm Brennan as an Chraoslach ina chuideachta. Ba mhinic a deireadh Brennan “Níthi- ocfaidh Lá Fhéile Pádraig tapaidh go leor go bhfaighidh muid amach as an áit seo”. Bhuel tháinig Lá Fhéile Pádraig, d’imigh Brennan na bhaile agus chuaigh Mánas ag obair taobh amuigh d’ Oxford. Bhí an chéad stáisiún adamhach ag dul suas ansin. Áit ghalánta a bhíann thuas os cionn Oxford agus úl- loird mhóra thíos fúthu. BhíDan Mac Pháidín, Joe Ned Phádraig agus cúpla fear eile as Carraig Airt ag obair ann. Bás agus Pósadh. Cha raibh máthair Mhánais ach sé bliana agus leathchéad d’aois nuair a fuair sí bás. Fuair siad scéala i nGlaschú go raibh sí ar bhealach an bháis agus tháinig Mánas agus Grace anall ar an bhád go Doire. Bhíorthu fanacht i rith an lae don bhus agus nuair a shroich siad an baile bhí sí marbh cheana
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3