Guth Ghoill, Eagrán 24
Eagrán 24 Nollaig 2008 19 feithimh le scairt a chur ar an chéad duine eile ach nuair a chonaic sé athair Mhánais ag deireadh na scuaine ghlac séé isteach. Chur séé go dtían ospidéal fá choinne x-gha agus ba é an toradh a bhíle seo ná go raibh an eitinn air agus bhísé rómhall rud ar bith a dhéanamh dó. Dúirt an dochtúir le Mánas dá mbeadh sé ann sé mhí roimhe sin go mbeadh seans maith aige. Thug Mánas é ‘na bhaile ‘na nDúnaibh agus níor mhair sé ach trí mhí. Bhí deartháir Mhánais, Proinsí, tinn le heitinn thart fán am sin fosta agus chaith sé sé mhí san ospidéal i nGlaschú agus dhá bhliain sna Cealla Beaga. Na Shetlands. Chuaigh Mánas ag obair sna Shetlands sna seachtóidí agus chaith sé cúig bliana ag tógáil campaído na fir a bhíag cuartú ola. Áit cosúil leis na Dúnaibh a bhí ann a dúirt sé agus bhína téarmaíoibre maith ann. Bhíairgead mór a dhéanamh agus níraibh a dhath le díol agat. Bhíteá ag obair seacht lá na seach- taine agus bheadh seachtain saor sa mhíagat. Thi- ocfadh leat dul ‘na bhaile don tseachtain ach níraibh dúil ag Mánas san eitleán. Rachadh sé ar ais go Glaschú achan thrímhí. Chaith sé bliain eile amuigh in Unst, an t-oileán is faide ó thuaidh, ag tógáil tithe. An Chlann. Bhítriúr clainne ag Annie agus Mánas, Sally, Máire agus Micheál agus iad uilig pósta agus anois ina gcónaí in Éirinn, Sally i Rath Bhotha, Máire i dTiobráid Árainn agus Micheál i nGort a’ Choirce. Tháinig Mánas agus Annie ar ais go Gort an Choirce sna hochtóidíagus thóg siad teach ann. Ghlac sé ta- mall dó socrú ann ach bhíaithne aige ar chuid mhór de mhuintir Ghort a’ Choirce a bhíar shiúl in Albain ina n-am. Chuidigh sé leis fosta nár chaill sé a chuid Gaeilge agus bhísé breá sásta ann. Bhíseach-chonair féin. BhíMánas ag obair thart fá Glaschú nuair a chas sé ar Annie NíGhallachóir as Gort an Choirce. Bhídeartháir Annie, Brian, pósta ar Ghrace, deirfiúr Mhánais. Bhí Annie ag obair ag sagart ag an am amuigh in Carfin, áit a bhfuil Lárionad Oilithreachta go fóill. Ina dhiaidh sin bhísíag obair i dteach le Ro- sanne Nic Giolla Bhríde (PhaidíMhadgie). Tá Ro- sanne beo beathach i nGlaschú i rith an ama. Phós Mánas agus Annie sa bhliain 1950 agus chaith siad mína meala i mBaile Átha Cliath agus i nDún Deal- gán, áit a raibh a dheartháir Johnny ag obair ag an am. Shocraigh siad i nGlaschú agus chaith Mánas seal ag obair sna tolláin agus blianta fada ansin ag obair le “Wimpy” ar na foirgnimh ilstórach. Bhísé ag obair ar an chéad “multi - storey” a thóg siad i nGlaschú, foirgneamh fiche stór. In amanna bheifeá ag obair ón seacht a chlog ar maidin go dtí deich san oíche agus b’fhéidir seacht lá na seachtaine. Chaithfeá é a dhéanamh mar bhí an obair le cur i gcrích faoi spriocdháta. Fuair athair Mhánas bás i 1951 agus gan é ach na seacht mbliana agus tríscór. Chuaigh sé anonn go Glaschú agus bhísé ag stopadh le Grace. Nuair a shroich séGlaschú thug Mánas é go dtían dochtúir. Cha ndéanfá coinne ar bith an t-am sin. Thagadh an dochtúir fhad le doras an tseomra Ned Shearlaí agus Mánus ag Athaontú Scoil Mhí- obhaigh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3