Guth Ghoill, Eagrán 24
Eagrán 24 Nollaig 2008 21 Feadaímó Oíche chiúin, shultmhar a bhí ann agus bhí Feadaímó, a athair Paidí Dhomhnail, a uncail Proinsí Rua agus Feardaí Ghracie Bháin ag tarraingt ar theach Thua- thail Rua Mac Giolla Bhríde. Bhí ceathrú gealaí ann agus chonaic Feadaímó imlíne na gcnoc in éadan na spéire. Chuala sé monabhar an tsrutháin a bhí ina rith cois bóthair agus ba seo an sórt oíche, de ghnáth, a bhaineadh Feadaímó pléisiúir as agus é ag siúl na mbóithre lena chairde. Ach, ní ham- hlaidh a bhí sé anocht. Shiúil Feadaímó mar a bheadh príosúnach a raibh an crochadh i ndán dó. Bhí Feardaí Ghracie Bháin chun cleamhnas a eagrú anocht idir Fheadaímó agus iníon Thuathail Rua. Bhí Tuathal muinteartha do leath an íochtair agus thaitin sin go mór le Paidí Dhomhnail. Bhí Feadaímó uilig trína chéile. Nuair a tháinig sé na bhaile aréir ón Ghleann bhí an teach i ndorchadas agus achan duine ina luí. Shiúil se isteach chomh ciúin is a thiocfadh leis agus thug sé buíochas óna chroí don mhadadh mar nár thóg se truip ar bith agus é ag teacht isteach. Bhí sé leath bealaigh suas an dréimire chun an lochta nuair a chuala sé an chogarnach. “ A Fheadaímó, cogar, a thaisce ” Tháinig sé anuas agus shuí sé ar cholpa leaba Chití. “ Nach mall an pilleadh atá ar dhiúlach óg na bhaile ”, arsa Cití. “ Bhí mé …” ach sular dúirt sé focal eile bhris Cití isteach air. “ Éist liom, tá sibh ag dul chuig teach Thuathail Rua san oíche amárach chun cleamhnas a dhéanamh. ” Ó, a Mhóirí, níl mise ag iarraidh cleamhnas a dhéanamh ”, Sheas Feadaímó. “ Cha ghlacfadh sé mórán domh na bonnaí a bhaint as. Iníon Thuathail Rua. Cé acu ceann? ” “ Mádgie Rua, ” arsa Cití. “ De réir cosúlachta, is oibrí maith atá inti agus beidh spré mhaith ag dul léi. ” “ Ba chuma sa diabhal liom faoin spré, ” dúirt Feadaímó, “ tá mo shaol féin agamsa agus ní fheicimse duine ar bith eile i mo shaolsa ach Gráinne Ní Dhubhaigh. ” “ Bíodh ciall agat, a Fheadaímó, ” bhí glór Chití ag éirigh, “ strainséir atá inti. Níl gaol de shórt ar bith aici leis an áit. Ná habair an darna focal, a Fheadaímó, gabh isteach a luí agus dé- an an rud a iarrfar ort amárach. Beidh an teach agus an talamh agat lá inteacht agus na caith sin ar shiúl ar amaidí. Anois, oíche mhaith agus abair do chuid paidreacha sula dtéann tú i do chodladh. ” Anois ní raibh ach cúpla céad slat idir a féin agus Teach Thua- thail Rua agus gan idé de shórt ar bith aige fá cad é le déanamh. Nuair a labhair a athair leis níos luaithe sa lá cha raibh sé de chroí aige é a dhiúltú. B ’ eisean ceannaire an teaghlaigh agus bhí air meas a thaispeáint dó. Ach anois, agus iad ar shráid theach Thuathail bhí brón air nár sheas sé a fhód. Smaoinigh sé ar Ghráinne agus an dóigh nach dtiocfadh na focla chuige aréir. Is dóiche gur eagla a bhí air go ndéanfadh sí é a dhiúltú ach cibé ar bith ag deireadh na hoíche ní raibh a dhath ráite aige agus ghortaigh sin é níos mó ná rud ar bith eile. Thosaigh an madadh ag tafann istigh agus tháinig Tu- athal Rua a fhad leis an doras. “ Bhail, a fheara, a dúirt sé. Nach deas an tráthnóna a thug sibh libh? Shiúil siad uilig isteach ansin agus shuigh siad. Ní raibh le feiceáil fán tine ach Nora, bean Thuathail agus beirt mhac. Bhí deichniúr de chlann ag Tuathal ach bhí triúr iníonacha pósta faoin cheantar, ceathrar mac ar shiúl ar obair shéasúrach agus gan sa bhaile anois acu ach an mac is sine, an mac is óige agus Mádgie. I ndiaidh na fáilte isteach níor dúradh a dhath ach bhí a fhios ag achan duine cúis na cuairte go háirithe nuair a tharraing Paddy Rua buidéal poitín amach as a phóca. “ A Chormaic, imigh leat a luí mar a bheadh gasúr maith ann ” dúirt Tuathal lena mhac is óige. “ Tá Mádgie ag bleán na mbó is beidh sí istigh ar ball ” Bhí sé ag amharc ar Fheadaímó agus é ag caint. Cha dtiocfadh leis a chreidbheáil go raibh an fear ab fhearr san íochtar ag cur ceiste faoina iníon. San am chéanna, bhí a fhios aige an dóigh le margadh maith a dhéanamh. “ Tá sibh píosa maith as baile anocht a fheara, ” a dúirt sé, “ agus caithfidh mé a rá nach teach airneáil a bhí sa teach seo ariamh. Más oibrithe atá a lorg agaibh tá sibh mall mar tá na gasúirí eile uilig ar shiúl fán Lagan agus níl Tómas nó Cormac le spáráil agam. Choinnigh Paidí agus Proinsí Rua socair, chan a n - áitsean a bhí ann a dhath a rá oíche mar seo. D ’ éirigh Feardaí agus chuaigh sé a fhad leis an tine agus shuigh sé san áit a thréig Cormac. Thóg sé aibhleog ón tine agus dhearg sé a phíopa. Ghlac Proinsí an aibhleog uaidh ansin agus rinne seisean an rud céanna. Cha raibh sé i bhfad go dtí go raibh scamall toite ar foluain fán síleáil agus achan fhear ach Feadaímó ag smeachaíl a phíopa bhig chréafóige. Sa deireadh chaith Feardaí seile isteach sa ghríosach agus d ’ amharc sé ar Thuathal. “ Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil iníon eile faoi do dhíon go fóill, a Thuathail. ” Tá leoga, arsa Tuathal, “ Mádgie, m ’ aingeal beag. Níl a fhios agam cad é a dhéanfainnse nó Nora gan Mádgie fán teach. Is oibrí iontach í. Leis an fhirinne a rá dhéanfadh sí a oiread le beirt fhear. ” Thug sé comhartha beag do Nora lena shúile agus d ’ éirigh sí. Thóg sí léi bosca adhmaid. “ Gheobhaidh mé tuilleadh móna ” a dúirt sí, agus amach léi. “ Tá sé níos fearr cuid cainte fir a bheith fágtha ag na fir, ” arsa Tuathal. Chaith Feardaí seile eile agus ghlan sé a bhéal le cúl a láimhe. “ Tá ‘ n ceart agat, agus anois, má tá tusa sásta tá mise anseo le cleamhnas a dhéanamh idir Mhádgie agus mhac Phai- dí Dhomhnail anseo. Tá aithne mhaith agat ar Fheadaímó, a Thuathail. Níl feidhm ormsa insint duit nach bhfuil a mhacasamhail idir na trí paróistí. Éiríonn sé luath agus oibríonn sé mall agus ní bheidh a leithéid de rud is ganntanas faoina dhíon. ” Ó, arsa Tuathal, tá a dhíon féin aige? Bhí Paidí ar tí labhairt ach chuir Feardaí suas a lámh. “ Á anois, a Thuathail, tá a fhios agatsa an dóigh a n - oibríonn na rudaí seo. Is fear óg atá in athair Fheadaímó go fóill
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3