Guth Ghoill, Eagrán 24

Eagrán 24 Nollaig 2008 22 agus …..” Sular chríochnaigh sé shiúl Mádgie isteach an doras agus leathbhuicéad bainne léi. Girseach bheag trom a bhí inti le grágán mór de ghruaig rua ag lasadh a cinn. Bhí a dá súil ghlas neamh - chairdiúil ag dearcadh thart agus char dúirt sí sea nó chan ea le duine ar bith. Bhí Feadaímó ag amharc uirthi agus iontas air. Ní raibh áilleacht de shórt ar bith ag baint leis an ghirseach seo. Bhí sí costarnocht agus d ’ aithneofá ó na cosa sin gur isteach ón bhóitheach a bhí sí ag teacht. Bhí sé furasta a chreidbheáil gur oibrí maith a bhí inti mar bhí dhá sciathán uirthi cosúil le gabha dubh agus dhá lámh aici a choinneodh greim teann ar shleá nó ar shluasaid. Chuir sí an buicéad sa choirnéal agus shuigh sí ar sheanstumpa crainn. “ A Mhádgie, ” arsa Tuathal, tá an comhluadar uasal seo inár measc anocht ag cur ceiste fá dtaobh duitse, a thaisce. Ní raibh Feadaímó ag éisteacht. Bhí a fhi- os aige anois gur Gráinne an t - aon ghirseach dósan agus ní raibh dóigh ar bith a raibh sé dul a chaitheamh an chuid eile dá shaol le Mádgie. Bhí Tuathal ag bleadaráil leis fá chuid suáilcí a iníonach agus bhí Paidí Dhomhnaill ag rá leis féin gur seo bean a choinneodh smacht ar a mhac, rud a bhí a dhíobháil, agus thar sin uilig bhí sí gaolta leis na teaghlaigh chearta. Chríochnaigh Tuathal le tagairt do na iníona- cha eile dó a bhí pósta fán cheantar. “ Teach ar bith ina bhfuil siad tá suaimhneas. Oibríonn na fir agus ní ólann siad barraíocht poitín. Tá páistí acu uilig, neart gasúirí ina measc, agus achan duine acu chomh fol- láin le breac. D ’ amharc sé ar Fheardaí. Caithfidh tusa, a Fheardaí, a chur san áireamh go bhfuil spré tugtha cheana agam trí huaire agus nach bhfuil mórán agam le tabhairt an t - am seo. Níor dúirt Feardaí a dhath. Thuig sé an cineál seo cainte agus leoga bhain sé sult as an chluiche mar bhí a fhios aige nach raibh fear sa pharóiste ag iarraidh a bheith fágtha le iníon spáráilte fán teach go háirithe nuair a bheadh an mac is sine ag tabhairt bean isteach nuair a thiocfadh an t - am. Nuair a chuala Feadaímó an chaint faoin spré bhí a fhios aige gur seo an t - am le deireadh a chur leis an chomhrá. Ní raibh dóigh ar bith go rachadh sé fríd leis an chleamhnas seo. Sheas sé agus bhuail sé a dhá lámh le chéile. “ A fheara, tá brón orm, ” a dúirt sé. Tháinig mé anseo anocht mar gur iarr m ’ athair orm teacht. Ní raibh comhrá ar bith fán rud nó ceist cur- tha ormsa faoin chleamhnas seo agus glacaim leis gur sin an dóigh a n - oibríonn na rudaí seo faoin cheantar. A athair, cha deachaigh mé i d ’ éadan ariamh go dtí seo. Níl mise ag glacadh le seo. Tá girseach amháin agamsa agus uirthi sin a bheas mise pósta. Níl mise ag déanamh beag de d ’ iníon, a Thuathail, níl amhras ar bith ná go ndéanfaidh sí céile mhaith d ’ fhear inteacht ach ní domhsa. Tá a fhios agam nach bhfuil leathphingin i mo phóca ach imeoidh mé anocht agus ní thiocfaidh mé ar ais go mbeidh stór beag déanta agam. ” D ’ éirigh sé agus shiúl sé amach gan focal eile a rá. Thit an croí as Paidí. Ní raibh sé ag súil le seo. Bhí Feadaímó ag imeacht. Rith se amach agus Proinsí Rua leis ach bhí Feadaímó ar shiúl thart coirnéal an tí agus imithe as amharc súl. A Fheadaímó, scairt Paidí ach níor tháinig freagra. Bhí ualach trom ar ghuaillí Phaidí agus é ar a bhealach na bhaile agus an droch - scéal leis. Char stad Feadaímó go dtí go raibh sé ar shráid Mhicheál Uí Dhubhaigh sa Ghleann. Bhuail sé cnag ar an doras ach ní raibh duine ar bith ina shuí. Thóg sé an laiste agus shiúil sé isteach. “ Hello, ” a scairt sé, “ A Mhichíl, is Feadaímó atá ann. ” Bhí Gráinne ina luí sa chlúid agus d ’ éirigh sí. “ A Fheadaímó, cad é faoi Dhia atá tú ag déanamh anseo. ” Tháinig Micheál isteach ón seomra eile agus é ag cuimilt an chodlata óna shúile. “ An bhfuil rud inteacht ciotach, A Fheadaímó, ” a dúirt sé. “ Níl, bhail tá is dóiche. ” D ’ amharc sé ar Ghráinne. “ Bhí mé i dteach anocht le cleamhnas a dhéanamh ach cha deachaigh me fríd leis. Char dúirt mé a dhath arú aréir leat, a Ghráinne, ach is tusa an t - aon ghirseach domhsa. Tá a fhios agam nach bhfuil a dhath agam ag an bhomaite seo ach tá mise ag fágáil anocht is rachaidh mé go Meiriceá. Nuair atá stór airgid déanta agam tiocfaidh mé ar ais fá do choinne. Sin an cheist atá agam ort, a Ghráinne, an bhfanfaidh tú liom? ” A Fheadaímó, arsa Gráinne, níl aithne agam ort nó agatsa ormsa. Cha dtig liomsa freagra a thabhairt ar cheist mar sin, i lár na hoíche, d ’ fhear atá ar tí an tír a fhágáil agus níl a fhios agamsa cé acu an bhfeicfidh mé é arís nó nach bhfeicfidh. ” Sheas Feadaímó mar a bheadh balbhán ann. Shíl sé go mbeadh seo uilig iontach simplí. Bhí sé uilig pléite ina chloigeann aige agus é ar an bhealach aníos. Bheadh brón ar Ghráinne agus na deora ag titim lei, siocair go raibh sé ag imeacht agus dhéanfadh sí iarracht é a mhealladh óna thriall. Ansin nuair a d ’ fheicfeadh sí nach n - athródh sé a intinn, gheallfadh sí go bhfanfadh sí air, agus d ’ imeodh sé mar laoch sa dorchadas. Ní mar a shíltear a bítear i gcónaí. Ní raibh brón ar bith ar aghaidh Ghráinne. Ní raibh a leithéid de rud is deoir le feiceáil agus is cinnte nach mbeadh gealltanas ar bith ag teacht uaithi. Labhair Micheál leis i nglór deas íseal. “ A Fheadaímó, an bhfuil tú cinnte gur seo an rud ceart le déanamh. Níl tú ach óg go fóill agus tá saol crua gan trócaire amuigh ansin d ’ fhear gan teaghlach nó cara. Fan go maidin agus tchífimid ansin an dóigh is fearr le seo a réiteach. Chroith Feadaímó a cheann agus shiúil sé amach an doras. Bhí sé náirithe mar go ndearna sé amadán do féin ach os cionn achan rud eile, in áit eisean a bheith ag fágáil croí briste ina dhiaidh bhí an croí briste leis. D ’ amharc sé ar an ghealach agus chuir sé a dhá lámh ina phócaí. Bhí na pócaí sin folamh agus é ar a bhealach go Me- iriceá. Ag an bhomaite sin mhothaigh sé go raibh Me- iriceá chomh fada ar shiúl is a bhí an ghealach. Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile .

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3