Guth Ghoill, Eagrán 24
Eagrán 24 Nollaig 2008 24 Deán teagmháil linn: Ceim Aniar Teoranta, Áras Ros Goill, Na Dúnaibh, Tír Chonaill. Fón: 074 9154830 Facs: 074 9154830 Ríomhphost: ceimaniar@eircom.net Áit ar chúl Mhuslac ar ghnách le cuairteoirí go dtí Óstlann Ros na Binne a dhul ag snámh ann. Tá na boscaí ar ghnách le daoine a gcuid éadaí a athrú iontu le feiceáil ar an ard. Seo Eagrán na Nollag de Ghuth Ghoill agus bá mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na da- oine sin uilig a scríobh píosaí dúinn agus a thug pictiúir dúinn i rith na bliana. Tá súil againn go bhfuil sibh ag baint sult as an iris seo agus má tá moltaí ar bith agaibh faoi dhóigh le feabhas a chur uirthi tá muid i gcónaí sásta labhairt libh. Má tá scéal ar bith agaibh, seanphictiúir nó pictiúir d ’ ócáid ar bith bheadh lúcháir orainn iad a chur i nGuth Ghoill. Mar atá a fhios agaibh is féidir linn na sé eagrán de Ghuth Ghoill a chur chuig duine áit ar bith sa domhan ar chostas €25 agus más mian leatsa, nó duine muinteartha leat as baile, úsáid a bhaint as an ais seo, cuir scairt orainn san oifig ar 074 9154830 nó cuir ríomh - phost chugainn ag ceimaniar@eircom.net. Beidh litir ag dul amach ag tús na bliana chugaibh uilig atá ar an liosta cheana féin. Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise oraibh uilig.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3