Guth Ghoill, Eagrán 24
Eagrán 24 Nollaig 2008 3 Bhí Oíche Ghaelach in Ostán na Trá sna Dúnaibh Dé hAoine 28 lá Samhna agus de réir cosúlachta bhain an slua mór a bhí i láthair sult go bráth as an oíche chultúir den chéad scoth a cuireadh rompu. Is fada an lá anois é ó thosaigh muid ar na hOícheanta Gaelacha seo. Bhí an chéad Oíche Ghaelach againn i mí na Samhna 2004. Ba é an sprioc a bhí againn ó thús ná ár dteanga agus ár gcultúr a chur chun tosaigh i ndóigh a mbainfeadh daoine sult is pléisiúir as agus go dtí seo d ’ éirigh linn sin a dhéanamh. Ach in Ostán na Trá ar an oíche seo bhí an seó ab fhearr a bhí againn ariamh. Bhí meascán maith imeachtaí ar siúl agus ó thosaigh an oíche le Seán Mac Corraidh ag a naoi a chlog lean an seó ar aghaidh gan briseadh le ceol, le hAgallamh Beirte, le hAmhránaíocht, le Filíocht agus leis na Drámaí. Chuir Clann Pasoma, Ailín, Laura, Micheál agus Aob- há, an dráma ‘ An Mac Falsa ’ i láthair agus caithfidh mé a rá go raibh siad ar fheabhas go háirithe an ‘ Punk Rocker ’ Micheál, fear atá chomh nádúrtha ar stáitse is a chonaic mé ariamh. Bhí ceol agus amhránaíocht againn ó leithéidí Seán Mac Corraidh, Róise Ní Chorraidh as Béal Feirste, Máire Ní Choilm, Doimnic Mac Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair, Willie Duggan as Toraigh, Miséal Nic Grianna, Lorraine Ní Dhuibheanaí, Aodh Mac Ruaidhrí, Tony Mac Ruaidhrí as Rann na Feirste, Aingeal Nic a Bháird as na Dúnaibh, Clann Uí Chuilinn, Paidí, Deirdre agus Sorcha as Carraig Airt agus Neasa Ní Dhaimhín, iníon le Seán Ó Dáimhín, oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall. Cha dtug muid cuireadh do Francie amhrán a cheol an iarraidh seo mar go bhfuil muid tinn tuirse ag éisteacht leis ag caoineadh faoina Chró Bheag suarach ag Bun Chnoc a ’ Tí. Thug clann Uí Shibhleáin, Niamh agus Gavin, a bhí sa Ghrianán níos luaithe sa bhliain le “ The Rising Step ”, taispeántais damhsa a bhain croitheadh as urlár an tí. Ansin bhí sé Jimmy Mac Giolla Bhríde & Frances Mhic Pháidín
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3