Guth Ghoill, Eagrán 24
Eagrán 24 Nollaig 2008 4 in am ag na seanbhoic taispeántas drámaíochta a tha- bhairt, agus fágadh an lucht féachana sna trithí ag gáire ó thús go deireadh an dráma leathuaire grinn ‘ Sínte ’. Seo dráma de chuid Mhícheáil Uí Thuairisc as Gaillimh, agus é curtha in oiriúint agus léirithe ag Proinsias Ó Cuilinn, agus curtha i láthair ag Aisteoirí Mhíobhaigh. B ’ iad Aodh Mac Laifeartaigh, Proinsias Ó Cuilinn, Seán Mac Giolla Bhríde, Caoimhín Mac a ’ Bháird, Fíona Pasoma agus Seán Ó Dochartaigh na haisteoirí. Bhí blaiseadh beag den fhilíocht againn chomh maith ó Cholette Ní Ghallchóir, file gurb as ceantar na gCruacha di ó dhúchas ach atá ina cónaí i Leitir Cean- ainn anois. Léigh sí as cnuasach dánta dá cuid féin. Tá dhá chnuasach dá cuid dánta foilsithe. Léigh Joe Ó Cuilinn dán fosta agus ansin bhí dhá agallamh beirte ar an ardán le Seán (Mhicí Rua) Mac Giolla Bhríde, Seosomhín Ní Bhuaidhe agus Fiona Pasoma. Nuair a bhí sin uilig thart i dtrátha an mheánoíche bhí ceol agus comhluadar breá sa bheár dóibhsean a bhí ag fanacht thar oíche san ostán. Bhí oíche den scoith againn uilig agus caithfimid ár mbuíochas a ghabháil le Charlie, Mairéad agus Darach a d ’ amharc ‘ nár ndiaidh ó thús go deireadh. Willie Duggan Doimnic Mac Giolla Bhríde a bhuaigh comórtas na bhfear ag an Oireachtas i mbliana. Sorcha & Deirdre Ní Chuilinn Tony Mac Ruaidhrí Neasa Ní Dhaimhín Róise Ní Chorraidh Colette Ní Ghallchóir Seán Mac Giolla Bhríde & Seosaimhín Ní Bhuaidhe Aodh Mac Ruaidhrí Paidí Ó Cuilinn
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3