Guth Ghoill, Eagrán 24
Eagrán 24 Nollaig 2008 8 Mionphaidreacha an Phaidrín. Cha raibh am ar leith ann le linn na hoíche an paidrín a rá ach leathchéad bliain ó shin ba ghnás coitianta a bhí ann do theaghlaigh an paidrín a rá am éigin san oíche sula dtéití a luí. Sna blianta deireanacha den phaidrín ní raibh i gceist ach cúig dheichniúr ach sna glúnta roimhe sin bhí cuid mhaith teaghlaigh a deireadh cúig dheichniúir déag. Thosódh na mionphaidreacha ansin agus corruair mhairfeadh siad chomh fada leis an chúig dheichniúr déag. Achainíocha chuig Dia a bhí sna mionphaidreacha le daoine a chosaint ar urchóidí an tsaoil agus ramás breá a bhí i gcuid de seo. Tá cúpla píosa againn anseo le barúil a tha- bhairt cad é go díreach a bhí i gceist. Is amach as Rotha Móra an tSaoil le Micí Mac Gabhainn atá an chéad phíosa. Bhí Micí ina ghasúr óg naoi mbliana d ’ aois ar an bhealach go hAonach an Fhostaithe i Leitir Ceanainn lena mháthair agus stop siad thar oíche ag da- oine muinteartha dá gcuid ag Tobar an Dúin. ‘…………….. Go díreach i ndiaidh sinne greim a fháil le hithe, dúirt an tseanbhean a bhí sa teach go mb ’ fhearr talann phaidrín a rá - go raibh cuma thuirseach orm féin, rud creidim a bhí. Chuaigh achan duine ar a ghlúine agus ba í an tseanbhean a chur ceann ar an phaidrín. Dúradh cúig deichniúr dhéag. Bhí mé féin beodhanta go leor fhad is a mhair sin ach nuair a thosaigh na mionphaidreacha cha raibh déanamh uirthi go raibh sí ag dul a stad choíche. Bhí stól beag darach agam féin a raibh mé ar mo ghlúine aige agus char mhothaigh mé gur cnaghadh clár m ’ éadain air. Mhuscail sin suas mé. Ghuigh an tseanbhean ar son a seacht sinsear, ar son na gcomharsan agus na gcoimhthíoch, in aghaidh aicídeacha, deamhain aeir agus thalaimh agus gach urchóid eile dá rabh os ár gcionn agus os cionn an tí a rabh muid ann, le Dia a ndíbirt agus a scrios, i gcloich agus i gcrann i bhfad uainn. Char chuala mé a leithéid de phaidireoireacht ariamh ’. Tá an chéad phíosa eile, níl ann ach na cúpla líne, tógtha as bailiúchán béaloideasa Ros Goill. Cuireadh na focail seo i mbéal Nead Bán, cibé a bhí ann. B ’ fhéidir go mbeadh a fhios ag duine dár léitheoirí. Seo blas de chuid mionphaidreacha Nead Bán. A Pheadair ‘ s a Mhuire le cailíní an bhaile seo a shábháil ó ruagairí reatha as baile isteach, A Pheadair ‘ s a Mhuire le peacaí an tí seo titim ar an teach seo thiar agus scrios Dé orthu sin siar, A Pheadair ‘ s a Mhuire leis an asal s ’ againne a shábháil ar asal na Spiairí. Oíche Nollag Le coinnle na n-aingeal, tá an spéir amuigh breactha, Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc; Adaigh an tine is téir chun na leapa, Luífidh Mac Dé ins an teach seo anocht. Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne, An Mhaighdean a thiocfaidh is a Naí ar a hucht; Deonaigh do shuaimhneas a ligean, a Mhuire, Luíodh Mac Dé ins an teach seo anocht. Bhí soilse ar lasadh i dteach sin na haíochta, Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch, Do cheannaithe olla, do cheannaithe sío- da, Ach luífidh Mac Dé ins an teach seo anocht. le Máire Mhac an tSaoi
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3