Guth Ghoill, Eagrán 24

Eagrán 24 Nollaig 2008 9 Santiago de Compostela Anseo i nDún na nGall tá muid cleachtaithe le da- oine ag dul ar oilithreacht. San am atá thart, chuaigh daoine go Tobar an Dúin le hurnaigh, agus le faoiseamh a chuartú, agus leoga, tá ath- bheochaint tagtha ar an áit bheannaithe sin arís. Dhéanann daoine na Turais in onóir Choilm Cille i nGartan, i nGleann Choilm Cille agus in áiteanna eile. Tá cáil dhomhanda ar Loch Dearg i ndeisceart an chontae, agus tá trial ag na mílte achan bhliain ar Chnoc Mhuire. Thar lear, is iad Lourdes, Fatima agus Medjugorje a mbíonn trácht orthu. Ach caidé faoi Santiago de Compostela, in iarthuaisceart na Spáinne, cathair atá ainmnithe do Naomh Séamus, duine de na hAspail Naofa? Tá Santiago mar phríomhchathair riaracháin cheantar Ghalicia na Spáinne, sa chuid thi- arthuaidh den tír, cathair ina bhfuil daonra de thart fá 90,000 duine, ach sin méadaithe go mór le hoilithrigh agus turasóirí. Tá aitheantas oidhreachta domhanda ag an áit, agus cuirtear é ar chomhchéim leis an Róimh agus Iarúsailéim mar láthair mhóra na Críostaíochta. De réir an tseanchais, i ndiaidh bhás Chríost, chuaigh an tAspal Séamas siar fhad leis an Spáinn ag spréadh soiscéal Dé. D ’ fhill sé ar an Phalaistín, áit ar maraíodh é féin agus beirt dá chomrádaithe sa bhliain 44AD. Chuir a lucht leanúna na coirp ar bord loinge agus sheol siar arís go Galicia, áit ar tugadh iad i dtír agus fhad leis an áit a bhfuil San- tiago inniu. Thar na blianta, rinneadh dearmad air go dtí an bhliain 813, nuair a chonaic fear darbh ainm Paio soilse cosúil le réalta ar chnoc Libre- don, áit a raibh sean dhún leis na Ró- mhánaigh. Thug sin an t - ainm don áit – Cam- pas Stellae, páirc na réalt. Chuala Easpag na háite an scéal, agus nuair a rinneadh cuartú, fuarthas tuama ina raibh corp Naomh Séamas agus an bheirt charad. Tógadh séipéal ar an áit, agus tho- saigh oilithrigh ag teacht. Thar na céadta bliain ina dhiaidh sin, d ’ fhás an chathair. Scrios na Múraigh an áit, ach sábháladh na taisí, agus tosaíodh ar thógáil Ardeaglais sa bhl- iain 1075. Tháinig oilithrigh as gach cearn den Eoraip, agus bhí bealaigh aitheanta leis an turas sin a dhéanamh, Slí Naomh Séamas, an Camino , agus tá aitheantas ag an Slí sin mar an Príomh Slí Cultúrtha san Eoraip. Bhíodh bia agus lóistín cur- tha ar fáil go fláithiúil i dtithe faoi leith, hospi- tal , agus as sin tháinig an focal Béarla, hospital- ity. Tá an Ardeaglais thar a bheith suimiúil, agus is ar Dealbh Naomh Séamas Ardeaglais Santiago de Compostela

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3