Guth Ghoill, Eagrán 25

Eagrán 25 Márta 2009 10 John Bhrianaí Chonchubhair as na Dúnaibh sa tseomra céanna. Bhí John ag briseadh cloch le casúr meáchain agus fuair sé scealp sa tsúil. Bhí caibidil iontach idir an bheirt i nGaeilge agus bhí siad ag ligint orthu fhéin nach raibh tuigbheáil ar bith acu ar an Bhéarla. Ní sin an chéad uair a bhí Paidí san Otharlann. Nuair a bhí sé ina bhuachaill óg bhí galar daighe (rheumatic fever) air agus chaith sé tréimhse fhada in Ospidéal Shráid Teampaill. Rinne sé a Chéad Chomaoineach ann. Bhí Béarla le canúint Bhaile Átha Cliath a labhairt aige nuair a tháinig sé ‘ na bhaile. Bhí suim mhór aige sa nádúr agus sa dúlra agus bhí sé i gcónaí ag cur tor agus crann. Bhí méara glasa aige. Thug sé comhairle domhsa gan na toir “ grisselinia ” a chur mar go n - íosfadh na caoirigh iad. Bhí an ceart aige. Ba chostasach an ceacht domh a bhí ann. Fear cineálta cneasta a bhí ann agus bhí sé réidh le gar beag ar bith a dhéanamh dá chomharsan. Bhí aithne agus tuairisc ag gach duine air. Fear maith teaghlaigh ab ea é agus bhí grá mór ag clanna a dheartháireacha agus a dheirfiúracha dó. Bá ghnáth leo fanacht amuigh i gcampa corr oíche sa tsamhradh agus nuair a thiocfadh Paidí na bhaile i ndiaidh a bheith ag obair i dteach tábhairne “ An Síbín Ceoil ”, bheadh deoch mhilis agus milseáin leis dóibh. Tógadh cuid mhór tithe samhraidh sa cheantar le blianta agus bhí díomá air fán pholaitíocht agus faoi chead pleanála sa cheantar. Thig liom é a fheiceáil i mbarra an tSíbín Ceoil, scaifte cruinnithe thart air agus é ag caibidil agus ag tabhairt corr “ dig ” dóibh siúd a bhí mór le Teachta Dála an cheantair. Mar sin fhéin rinne sé cinnte aithne a chur orthu siúd a thóg tithe samhraidh agus fuair sé jabanna beaga uathu ag coinneáil súl ar a gcuid tithe i rith an gheimhridh. Fear ionraic a bhí ann agus thug siad uilig eochracha dó. Bhí cuid mhór acu ag an tórramh ó Bhéal Feirste agus ón Tuaisceart . Ba ghnách le Paidí tréimhse a chaitheamh gach bliain lena dheirfiúr Áine i dTeileann ar laethanta saoire. Chuir se aithne ar mhuintir na háite sin mar an gcéanna agus a bheadh sé sa bhaile ar an Ghléib. Bhí clú agus cáil air fosta san ionad lae i gCarraig Airt. Bhí aithne ag óg agus aosta air. Bhí suim mhór aige i gcúrsaí polaitíochta agus i gCumann Lúthchleas Gael. Bhí sé i gcónaí gnóthach ag díol an chrannchuir dóibh. Bhí suim mhór aige fosta sa Ghaeilge agus labhair sé go líofa í le gach duine. Chuaigh an tsláinte in olcas air in 2007 agus chaith sé seal san ospidéal i Leitir Ceannainn. Sula bhfuair se bás bhí bliain ghnóthach aige mar bronnadh an teideal “ Méara Mhíobhaigh ” air. Ba é an chéad duine sa cheantar ar bhronnadh an onóir mhór seo air. Bhí muintir na háite uilig iontach maith dó i rith a sheal róghairid ar an tsaol seo. Beidh an teaghlach i gcónaí buíoch dá chomharsana agus dá chairde uilig ar son an chineáltais a thaispeáin siad dó le linn a shaoil. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal dílis. Cathal Ó Gallachobhair Ó chlé tá Micí Eanaí, Anna (deirfiúr Phaidí) agus Paidí féin.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3