Guth Ghoill, Eagrán 25

Eagrán 25 Márta 2009 11           Is mór na hathruithe atá tagtha ar chúrsaí talaimh agus tithíochta sa cheantar seo le roinnt bliantaí anuas. Tá claochlú tagtha ar thírdhreach agus ar thaobh tíre Ros Goill ó lár na nochadaí. Tógadh neart tithe saoire, agus tá cuid mhór de na seanfheirmeacha roinnte suas ina ngabháltais bheaga. Tá tithe an lae inniu i bhfad níos mó ná mar a bhí siad sa tsean am agus lear acu nach mbíonn duine ar bith iontu taobh amuigh de chúpla seachtain achan bhliain. Tá an chosúlacht ann anois go bhfuil deireadh ag teacht leis an ré seo. Níl a fhios ag duine ar bith againn caidé mar a mhairfdh an córas tógála agus an córas díola agus ceannaigh a d ’ fhág na hathruithe seo mar oidhreacht againn. Ach chan é seo an chéad uair a dtáinig athruithe chomh mór agus chomh tobann ar thírdhreach an cheantair seo. Agus b ’ fhéidir go ndéanfadh sé maith dúinn súil a chaitheamh siar ar ré eile nuair a tháinig claochlú ar úinéireacht agus ar sheilbh talaimh in Éirinn. Tharla seo san am i ndiaidh an Ghorta Mhóir sa darna leath den 19ú aois. Agus tá rian agus lorg athruithe an ama seo le feiceáil thart orainn go fóill, fiú leis an tógáil uilig a chuaigh ar aghaidh le cúig bliana déag anuas. Ag tús an 19ú aois, bhí an córas Roinn agus Dála [Roinndáil] á chleachtadh sa cheantar seo. Taobh istigh d ’ achan bhaile fearainn roinn an tiarna talaimh an talamh idir theaghlaigh. Bhí an talamh ar a dtugtaí an “ infield ” air, de ghnáth suite díreach thart ar na tithe. Seo an áit ina gcuirtí na barraí. Bhíodh a ngarraithe agus a gcuibhrinn féin ag achan theaghlach agus claí thart orthu mar chríoch. Roinn chuibhrinn a tugadh ar an chóras sin fan cheantar seo. Níos faide amach bhíodh an “ outfield ” le fáil. Bhíodh córas comhsheilbheachas á chleachtadh anseo. Talamh foscailte a bhí ann fá choinne eallach agus ainmhithe eile. Chomh maith le seo bhíodh na hachmhainí nádúrtha eile roinnte amach de réir mar a bhí feidhm leo. Mar shampla bhí a gcuid bachtaí féin ag achan teaghlach fá choinne móin a bhaint, agus a gcarraig féin cois cladaigh acu le feamainn a bhaint mar leasú don talamh. In ionad iad a bheith scaipthe amach, tógadh na tithe uilig ag taobh a chéile i mbailte beaga ar a dtugtaí clocháin orthu. Ina theannta seo uilig bhí an tiarna talaimh, an Tiarna Liatroma i mbarr a réime sa cheantar seo. Bhíodh seisean ag iarraidh cíos ó achan teaghlach a raibh gabháltas acu sa cheantar. Go minic cha raibh an cíos ag na créatúir bhochta, go háirithe i ndiaidh droch shéasúr, agus caitheadh amach iad as a gcuid tithe beaga, gan trua, gan trócaire. I ndiaidh an Ghorta Mhóir tháinig athrú mór ar an dóigh a roinneadh amach an talamh. Cuireadh córas úr seilbhíochta i bhfeidhm, córas a chur dreach difriúl ar leagan amach na bhfeirmeacha agus na dtithe sa cheantar. Bhí cúpla cúis ag na tiarnaí talaimh leis na hathruithe seo a dhéanamh : • De réir Acht Dlí na mBocht in 1837, bhí dualgas ar an Tiarna Talún cíos a íoc ar shon tionóntaí a raibh luach níos lú ná £4 ar a ngabháltais. Sa bhliain 1858 bhí méan luach na ngabháltas i 34 de 51 de na bailte fearainn sa pharóiste níos lú na £4. • Nuair a ceapadh William Sydney Clements mar An Triú Tiarna Liatroma sa bhlian 1855 bhí fiacha de os cionn £15,500 ar an eastát. • An titim sa daonra ó 1845 ar aghaidh. • An dearcadh forleathan a bhí ann ná gur theip ar an chóras Roinn agus Dála agus go gcaithfidh corás úr úinéireachta a chur i bhfeidhm bunaithe ar úinéireacht phríobháideach. • Tháinig titim ar luach talamh feirmeoireachta de bharr meath eacnamaíochta a bhí ag tarlú san am. Mar thoradh ar seo bhí na tiarnaí talaimh faoi bhrú a gcuid cíosanna a shaothrú agus a gcuid tionóntaí a úsáid mar fhoinse airgid. Bhí sé níos fusa ó thaobh riaracháin de, agus bhí níos mó smachta ag na tiarnaí talaimh agus acu

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3