Guth Ghoill, Eagrán 25
Eagrán 25 Márta 2009 12 sin a bhí ag obair ar shon na dtiarnaí, ar chúrsaí maireachtála na ndaoine agus ar shaol shóisialta agus eacnamaíochta an cheantair Chun ardú a chruthú ar mhéan luach na ngabháltas bhí ar an tiarna talún gabhaltais níos mó a chruthú agus leasú a dhéanamh ar an talamh. Chomh maith le seo, rinne sé díshealbhú ar theaghlach ar bith nach raibh ábalta cíos a íoc, toisc nach raibh siad ag cur le saibhreas an eastáit. Chuaigh na daoine seo ar imirce nó go Teach na mBocht. Faoi mar atá a fhios ag achan duine tháinig laghdú mór ar an daonra i ndiaidh an Ghorta Mhóir, nuair a fuair milliún duine sa tír seo bás leis an ocras, le haicídeacha agus le cruatan agus chaill muid os cionn milliún eile nuair a d ’ imigh siad thar sáile ar imirce. Is amhlaidh a bhí an scéal i Ros Goill. Bhain na tiarnaí talún úsáid as an deis seo le cruth úr a chur ar shlí maireachtála na ndaoine. De bharr go raibh laghdú ar an daonra, thiocfadh leis an Tiarna Liatroma gabháltais níos mó a chruthú. Dá mbeadh gabhaltais níos mó ann, bhí ardú ar luach na bhfeirmeacha agus islú ar dhualgais an tiarna talaimh ó thaobh Acht Dhlí na mBocht. Fuair siad réitithe leis an infield agus an outfield . Roinneadh an talamh ina stráicí fada, a chuaigh ón talamh maith ar thalamh íséal go dtí an droch - thalamh thuas ar na cnoic, talamh le mórchuid cloch agus gannchuid cré. Ar an dóigh seo bhí giota beag d ’ achan chinéal talaimh i seilbh achan teaghlach. Thógtaí an teach de ghnáth i lár an stráice seo. Mar sin, bhí na tithe uilig scaipthe amach óna chéile, teach amháin ar achan stráice. Mar chruthú ar na hathruithe seo, thig linn amharc ar léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis, agus go háirithe na difríochtaí idir an chéad eagrán (foilsithe thart fá 1835) agus an triú eagrán (foilsithe thart fá 1905). Sa tsampla tugtha anseo tá baile fearainn Dhuibhlinn Riabhach. I léarscáil an chéad eagráin tchífidh tú an dóigh a bhfuil na tithe uilig tógtha le chéile i lár na leithinise. I léarscáil an tríú eagráin tá an talamh Léarscáil an chéad eagráin (foilsithe thart fá 1835)
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3