Guth Ghoill, Eagrán 25

Eagrán 25 Márta 2009 14 “Tá amanna crua ag teacht” a dúirt duine éigin le Paidí Bhrianaí Chonchubhair an lá a las sé a phíopa le nóta puint. “Tiocfaidh an lá …”, ach ba seo san am a raibh an t-airgead fairsing. Sea, is minic a chuala mé m’athair mór ag trácht ar an am a bhí an t -airgead fairsing, agus bhí. Le linn na hiascaireachta móire sna Dúnaibh bhí go leor airgid san áit. Bhí obair le fáil, ag gutáil, ag pa- cáil, ag cóiriú eangach agus ag caitseareacht mhuintir na hÉireann, muintir Ros Goill ina measc, thart fan am sin. Tháinig na hathruithe seo inár saol sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúil agus is iomaí deoir fola a dóirteadh mar gheall ar na hathruithe céanna ag an am sin agus ó shoin, ach sin an saol agat agus sin scéal eile. Tá sé soiléir go raibh tionchar an - mhór ag na hathruithe seo uilig ar ár ndearcadh fá thalamh agus ar an talamh mar mhaoin againn. Thiocfadh le duine an cheist a chur fá cé comh cóir agus ceart a bhí na hathruithe seo agus cé is mó a bhain tairbhe astu. Dár ndóigh, thiocfaí an cheist cheanann chéanna a chuir fan fhorbairt uilig a thit amach sa cheantar le linn tréimhse an Tíogair Cheilteach. An mbeidh na glúnta atá le teacht inár ndiaidh ag cur an cheist seo agus ag cáineadh an fhorbairt uilig faoi mar a cháin na glúnta a chuaigh romhainn na tiarnaí talaimh? Tá imirce, anás agus anró ag tarraingt orainn arís, agus is ag Dia féin atá a fhios caidé atá romhainn. Bíonn rotha mór an tsaoil de shíor ag casadh agus muidinne ag a bharr corr uair agus ag a bhun corr uair eile. Gluais / Glossary Acht Dlí na mBocht = Poor Law Act Acmhainní nádurtha = Natural resources Anás = need, distress Borradh = Boom Círéib shóisialta = Social upheaval Claochlú = Transformation Comhsheilbhíocht = Commonage Críoch = Boundary Cúlú Eacnamaíochta =Recession Deich mbliana = Decade Éagsúil / ar leith= Individual Leasú = Fertiliser Lonnaíocht(a) / áit cónaí = Settlement Roinn agus Dála (Roinndáil) = Rundale system Soláthar = Availability Stráice talaimh = strip of land Tírdhreach = Landscape Cormac Goulding (hácaeireacht). Scadáin! Scadáin! Scadáin! Ach caidé gheall ar Dhia a rinne siad leis an airgead seachas a gcuid píopaí a lasadh? Bhuel, agus mise ag éirí aníos, ní raibh mórán cosúlachta ar an áit seo go raibh an míol mór Ceilteach riamh i gCuan na Long. Ceart go leor, bhí cúpla teach deas tógtha anseo agus ansiúd agus bhí siopaí breátha stócáilte agus iad ag déanamh tréan gnó. Bhí ceithre theach tábhairne agus dhá óstán, iad uilig ag déanamh as go maith dóibh féin agus ag cur obair ar fáil do mhuintir na háite. Samhlaigh! San am sin cha raibh ach siopa amháin agus óstán beag amháin i Santa Ponsa. Ach mar a dúradh le Paidí an lá úd, tháinig an donas. D’imigh na scadáin, d’imigh na trálaeir mhóra agus d’imigh na daoine. Idir an dá chogadh bhí orthu a n-intinn a dhíriú ar shaothrú na talún agus leoga, is maith a d’éirigh leo. Bhí prátaí agus glasraí ag achan duine. Bhí féar, coirce agus dídean d’eallaí. Bhí móin againn agus tinte. Bhí bainne na mbó agus uibheacha na gcearc, scadáin, coiníní, agus corr uair sicín don dinnéar. Cúlú Eacnamaíochta (Recession)

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3