Guth Ghoill, Eagrán 25
Eagrán 25 Márta 2009 15 Is dóiche go dtiocfadh leat a rá, i gcomparáid le háite- anna eile, gur cheantar bocht a bhí i Ros Goill, ach chan ea. Bhuel, cha raibh a fhios againn gur bhocht a bhí muid. Cha raibh a dhath de shaibhreas an tsaoil againn ach ní raibh ocras orainn nó ní raibh muid ri- amh rófhuar nó róthe. Taobh amuigh de sin cha raibh a dhath eile againn, agus cha raibh cleachtadh againn ar an darna dhath. Le himeacht aimsire, tháinig rathúnas ar an áit. D’imigh muid go hAlbain, go Sasana, go Meiriceá agus go dtí Coláistí agus phill muid le rud beag níos mó inar bpócaí. Ach mar sin féin bhí m’athair mór go fóill ag caint fán am a raibh an t-airgead fairsing. Cha raibh sé riamh ábalta inse domh caidé a rinne si- ad le hairgead na hiascaireachta móire. Ansin, ag tús an chéid seo tháinig an Tíogar Ceil- teach. Cha dtig le haon duine inse dúinn cárbh as a dtáinig sé agus anois níl a fhios againn cá deachaigh sé. Tháinig rath agus rathúnas ar an áit nach bhfacthas a leithéid riamh. Bhí turasóirí ag teacht. Bhí muid uilig ag pilleadh agus ag tógáil tithe, ag díol agus ag ceannach tithe, agus cuireadh airgead i dtaisce i mbainc nár chuala cuid againn fá dtaobh dóibh riamh. Bhí muid uilig beo go sona sásta gan mórán amhail againn ar a dhath ach cá háit a rachadh muid ar laethanta saoire nó cén sórt carr a cheannódh muid i 2009. Ach Ó! Nuair a bhreac 2009 bhí an Tíogar imithe agus gan fiú barr a eireabaill le feiceáil thoir nó thiar. Chuaigh an rathúnas, an t-airgead agus an gleo leis agus caidé a d’fhág sé ina dhiaidh? – An Recession. Caithfidh mé a rá nach mar a rinne ár sinsir a rinne muidinne. Nuair a bhí an t-airgead againne chaith muid go siosmaideach é. Thóg muid tithe breátha ina bhfuil gach gléas dá ndearna Dia (nó innealtóirí na Seapáine) riamh agus má thagann an drochuair orainn, beidh a fhios ag sliocht ár sleachta caidé a rinne muidinne leis an airgead. Beidh siad ábalta a inse gur thóg a n-aithreacha agus a máithreacha an teach breá seo nuair a bhí an t-airgead fairsing. Ach caidé a tharlóidh nuair a chaithfidh an t-aos óg a n-aghaidheanna a thabhairt ar ais ar an phortach, nó ar chuibhrinn na bprátaí, nó an mbeidh siad ábalta coiníní a ghaistiú don dinnéar? Ar fhoghlaimíomar na scileanna sin dóibh? D’fhág achan ghlúin a rian ar Ros Goill – achan ghluin ó Gholl Mac Morna anuas. D’fhág ár nglúin na tithe, agus an ghlúin a chuaigh romhainn d’fhág siad scileanna againn. Fágfaidh an ghlúin atá ag teacht aníos anois a marc féin ar an áit agus is cuma fán recession. Imeoidh sin fosta. Rud amháin a cailleadh le linn ár réim ná an teanga, nó cuid mhaith di. Rinne bochtanas an Ghorta (1845-1847) scrios mór uirthi. Rinne an Tíogar chóir a bheith ar shiúl léi. B’fhéidir gur seo rud amháin maith a dhéanfaidh an recession. B’fhéidir go dtiocfadh athbheochan ar ár dteanga. B’fhéidir go mbeadh faill againn labhairt lena chéile agus b’fhéidir dhul a “rácáil” arís agus cártaí a imirt, scadáin a ithe agus Gaeilge a labhairt. Finola Húdaí Dráma Úrscríofa * An Croí Fealltach * le Proinsias Ó Cuilinn a chur i láthair ag i gColáiste Ros Goill, Na Dúnaibh Dé hAoine 3 Aibreán, 2009 8.00 i.n. Cead isteach €10 í le i i ili a chur i láthair ag i , i i i , . i. . i t
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3