Guth Ghoill, Eagrán 25

Eagrán 25 Márta 2009 3 An Dochtúir Leaslaoi U. Lúcás. An scoláire Gaeilge ba mhó a bhí sa cheantar seo ariamh ná an Dr. Leaslaoi Lúcás. Is ábhar bróid don cheantar a chuid leabhar agus is áis iontach d’fhoglaimeoirí Gaeilge an staidéar a rinne sé ar Ghaeilge agus ar chanúint Ros Goill. Tá achan chineál eolais faoi ghramadach na teanga sa cheantar seo le fáil in ‘Grammer of Ros Goill Irish’ agus is iontach agus is tairbheach do cheantar ar bith foclóir den tsaghas a chur Leaslaoi le chéile ón cheantar seo, a bheith acu - foclóir bunaithe ar chaint na ndaoine. Agus dár ndóigh ba éacht mhór a bhí sa dá leabhair a dhéanann cur síos ar stair an cheantair - ‘Meevagh Down the Years’ agus ‘More About Meevagh’. Is dochreidte an méid taighde a chuaigh isteach sa dá leabhar seo agus níl mórán paróistí gur féidir leo a mhaíomh go bhfuil a gcuid staire foilsithe acu. San alt seo, le cuidiú ó Hillary Mc Nutt a bhí muinteartha dó, tá muid chun amharc siar ar shaol Leaslaoi, mar cé gur thaisteal sé an t-Íochtar agus an t-Uachtar le linn dó a bheith i mbun a chuid oibre agus go raibh aithne mhaith ag neart daoine air ba dhuine iontach príobháideach a bhí ann. Tabharfaidh an t-alt seo léargas níos fearr do chuile dhuine faoina shaol agus faoina óige. Tá muid iontach buíoch do Hillary ar a shon sin. Lena chois sin tá alt breá againn fosta ón Dr. Seán Mac Corraidh as Béal Feirste a raibh Leaslaoi mar léachtóir aige agus é ina mhacléinn in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste agus é ag staidéar na Sean-Ghaeilge. Tá aithne mhaith ar Sheán fán cheantar seo anois mar go gcaitheann sé cuid mhaith dá chuid ama anseo nuair a gheobhann sé deis agus chomh maith le sin is é a chuireann comhairle ar Chéim Aniar ó am go chéile. Cé go bhfuil neart curtha i gcló ag Seán cheana féin níl rud ar bith faoi Ros Goill uaidh go fóill! Ach amach anseo cha bheadh a fhios agat nach dtiocfadh rud éigin óna lámh faoi Ghaeilge agus faoi chanúint an cheantair seo a chuirfeadh leis an obair éifeachtach a tháinig ó pheann a iar-léachtóir an Dr. Leaslaoi Lúcás. Aistriúchán ar Alt le Hillary (Wilkinson) Mc Nutt faoina colceathar An Dr. Leaslaoi Lúcás. Óige Leaslaoi. Ba as an Mhaol Rua a tháinig Lizzie, máthair Leaslaoi, (Lizzie Wilkinson) áit a raibh a teaghlach fostaithe ag na hIarlaí Liatroma. Chas Lizzie agus thit sí i ngrá leis an Sáirsint Samuel Lúcás a bhí lonnaithe i mbeairic an RIC i gCarraig Airt ag an am. Tar éis a bpósta d’aistrigh an lánúin go Béal Feirste agus ar an seachtú lá fichead d’Eanáir 1919 rugadh mac dóibh, an t-aon duine clainne a bhí acu, Leaslaoi Wilkinson Lúcás. Ar an drochuair, an bhliain ina dhiaidh sin, 1920, ba mhór an tragóid a bhain don teaghlach nuair a maraíodh a athair Samuel i luíochán de chuid an IRA ag beairic an RIC ag Tempo i gCo. Fhir Manach. Tá sé curtha i gCloveneden, Loch Gall i gCo. Ard Mhacha ach tá máthair Leaslaoi, sin Lizzie, curtha i reilig Eaglais na Trionóide Naofa i gCarraig Airt. I ndiaidh marú a fir céile d’fhill Lizzie ar an Mha- Lizzie & Samuel Lucas

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3