Guth Ghoill, Eagrán 25

Eagrán 25 Márta 2009 4 ol Rua arís lena mac óg, a bhí bliain agus naoi mí ag an am, agus chuir sí fúithi ansin. D’inis Leaslaoi é fhéin gur cheann de na cuimhní is faide siar a bhí aige ná ag dul suas go dtí 'an teach mór', ba seo caisleán an Iarla, lena athair mór, John Wilkinson, a d’oibrigh ansin ina am mar chléireach oibre don 3ú Iarla Liatroma. Bhí lámh ag an chinniúint i saol Leaslaoi arís nuair a fuair a mháthair, agus í ina bean óg, bás de pheir- eatóiníteas (peritonitis) ar an 20ú la de Mhei- theamh 1928. Bhí Leaslaoi fágtha anois mar dhíl- leachta agus gan é ach naoi mbliana d’aois. Ba ar a aintín Margaret Wilkinson (nó Giggie mar a ba ghnáth le Leaslaoi a thabhairt uirthi), deirfiúr a mháthar, a thit an dualgas anois aire agus tógáil a thabhairt do Leaslaoi. Is fíor a rá gur shíl daoine, go raibh sí rud beag corr ach sin agus eile thug sí aire mhaith dá nia óg agus rinne sí a dícheall leis agus í a thógáil. Agus tá sé soiléir ó na céadta pictiúr a choinnigh Leaslaoi, agus ar ghlac sé an oiread sin foighid a gcur isteach in albaim, go raibh cuma air a bheith sona sásta agus go raibh sé féin agus a aintín breá cóngarach dá chéile. Dialann. I nDeireach Fómhair na bliana 1929 agus é deich mbliana d’aois thosaigh Leaslaoi ag coinneáil dialainne agus lean sé ar aghaidh ag scríobh ina dhialann go dtí tamall sula bhfuair sé bás. Nuair a bhí mise óg, dá mbeadh ball ar bith den teaghlach ag cuardach dáta faoi ócáid nó faoi eachtra ar bith a tharla chuirfí scairt ar Leaslaoi i gcónaí leis na sonraí a fháil uaidh. Díshealbhú. (Eviction). Sa bhliain 1937 rinne an 5ú Iarla Liatroma teaghlach Wilkinson a dhíshealbhú mar gur shocraigh sé nach raibh sé ag iarraidh cónaí a dhéanamh sa Mhainteach (Manor House) a thuilleadh i ndiaidh dó scarúint óna bhean chéile agus gur theach cónaí na Wilkinsons a shantaigh sé mar áit chónaí do féin anois. Bhí an t-ádh ar an teaghlach go raibh teach eile acu, teach a thóg siad timpeall na bliana 1900, ‘Seaview Villas’, os cionn Loch an Chéide agus ba anseo a thug Leaslaoi agus a aintín a n-aghaidh sa bhliain 1937. Ba seo baile Leaslaoi go dtí tamall gairid sula bhfuair sé bás nuair a díoladh é le Frankie Casey, seo le maoiniú a chur ar fáil le díol as a lóistín agus a chúram i dTeach Altranais an Lake House i bPort na Bláiche. Reáchtáil Leaslaoi agus a aintín teach breá lóistín ansin sna Villas ar feadh blianta fada ach ar an dro- chuair tháinig deir- eadh le seo nuair a fuair a aintín bás ar an 21ú Ai- breán 1965. Ó chlé tá Lizzie & Samuel Lucas, máthair & athair Leaslaoi, Leaslaoi é féin, a athair mór, John Wilkinson agus a aintín, Margaret Wilkinson. Leaslaoi agus a aintín, Margaret Teach cónaí na Wilkinsons i Maol Rua “ Seaview Villas ” sna Dúnaibh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3