Guth Ghoill, Eagrán 25

Eagrán 25 Márta 2009 5 Oideachas Leaslaoi. Cha deachaigh Leaslaoi ‘na scoile ariamh; a mháthair a bhí mar theagascóir aige i dtús báire. I ndiaidh a báis ba mhúinteoir baile a bhí freagrach agus a lean ar aghaidh lena chuid oideachais. Thigeadh múinteoir amach as Coláiste an Fheabhail, Doire, le cuid de churaclam an dara leibhéal a mhúineadh dó agus bhí Gréigis mar cheann de na hábhair. Cé nár cuireadh oideachas foirmiúil ar bith ar Leaslaoi ba dhuine iontach éirimiúil a bhí ann a raibh a chroí i dtaighde agus a raibh fonn mór air eolas a bhailiú faoi stair an cheantair. Is cinnte nach díthreabhach (recluse) ar bith a bhí ann ach fear a thug cuairt ar chóir a bheith achan theach sa leithinis agus é ar thóir na staire, na filíochta agus an cheoil agus an fhoighid a thaispeáin sé ansin agus é ag cur an ábhair seo uilig ar pháipéar. Scríobh sé an uile rud isteach i gcóipleabhair. D’fhág sé na cóipleabhair seo ag Cumann Staire Dhún na nGall, Béal Átha Seannaigh. An Carr. Níl amhras ar bith ná go bhfuil cuimhne mhaith ag muintir an cheantair seo ar Leaslaoi a fheiceáil ag siúl ó áit go háit agus ó theach go teach mar nach raibh gléas taistil ar bith aige ar feadh formhór dá shaol. Níor chuir sé suim i ngluaisteáin ná sa tiomáint go dtí go raibh sé suas go maith i mblianta agus leoga ba seo gníomhaíocht ina shaol nach raibh mórán de thoradh léi mar is cinnte go bhfágfadh sé seomra i dteach faire áitiúil folamh dá bhfógródh sé go raibh sé ag fágáil! Bheadh rása chun an dorais, deifir ar dhaoine a gcuid carranna a fháil amach as an chosán mar gur iomaí scríob agus lorg a d’fhág sé ina charr fhéin agus i gcarranna eile - ní d’aon turas a dhéanfaí seo ar chor ar bith agus go minic ní bheadh a fhios aige féin go mbeadh aon dochar déanta aige. Choinnigh sé an buailteoir painéil áitiúil breá gnoitheach ag cur bail ar a charr fhéin nó ar charr an té a bhí sa chosán aige! Oíche amháin agus é ar cuairt tigh s’againne, rud a rinne sé go rialta, d’fhiafraigh sé do m’fhear céile an raibh foirmle ar bith ann le carr a chur ‘un deiridh sa dóigh is go mbeadh a fhios aige go raibh sé ar tí rud éigin a bhuaileadh. D’oibrigh sé amach do fhéin nuair a rachadh an tríú dual sreinge (strand of wire) ar an fhál ag a theach fhéin as amharc go raibh sé réidh le é a bhuaileadh. Chuir sé isteach ar Leaslaoi gur sháraigh air máistreacht a fháil ar scileanna prait- iciúla agus nach raibh deacrachtaí ar bith aige le foghlaim teangacha ná le gníomhachtaí éirimiúla ar bith. Stair an Cheantair - ‘Meevagh Down the Years’. Bhí creideamh iontach láidir ag Leaslaoi agus bhí seo tábhachtach dó i rith a shaoil. Is fíorannamh nach ndéanfadh sé freastal ar a chuid seirbhísí eaglaise agus ba é a sheinn ar an chórorgán fosta in Eaglais na Tríonóide Naofa i gCarraig Airt. Leoga thiocfaí an tiúin a bhíodh air a thomhais ar an luas lenár sheinn sé na hiomainn (hyms). Dá mbeadh sé in ísle brí bheadh an seinnt mall trua- cánta agus dá mbeadh sé ag mothú breá sona ann fhéin bheadh an luas níos bríomhaire. Ag tús na seascaidí d’iarr Easpag Eaglais na hÉireann i ndeoise Dhoire agus Rath Bhotha ar chléirigh na deoise taighde a dhéanamh ar stair a cuid eaglaisí agus a gcuid paróistí. An tOirmhinneach George Vaughan a bhí mar reach- taire i gCarraig Airt ag an am agus lá dá raibh sé fhéin agus Leaslaoi amuigh ag siúl labhair sé le Leaslaoi faoi achainí an Easpaig. Mar atá ráite agam roimhe seo bhí Leaslaoi ag déanamh taighde cheana féin ar stair na paróiste. “ Seaview Villas ” os cionn Loch an Chéide

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3