Guth Ghoill, Eagrán 25

Eagrán 25 Márta 2009 6 Shocraigh sé go mbeadh suim aige sa tionscadal seo agus mar thoradh ar seo uilig sa bhliain 1962 foilsíodh ‘Meevagh Down the Years’. Rinneadh an leabhar a athfhoilsiú i 1972 agus i 1983. Sa bhl- iain 1965 cuireadh ‘More About Meevagh’ i gcló. Sa leabhar seo bhí tuilleadh ábhair faoin pharóiste a raibh taighde déanta aige air agus nach raibh curtha i gcló cheana. Rinne Leaslaoi cuid mhór taighde fosta do theaghlaigh faoina gcrann ginealaigh agus tá an obair seo uilig a rinne sé san Ionad Oidhreachta/ Ginealaigh i Rath Mealtáin. D’fhág Leaslaoi faoi mo chúramsa é ach thug mise ar iasacht é don Ionad le go mbeadh fáil níos fearr ag daoine ar an ábhar thaighde. Tháinig iarratais chuige ó chuile chearn den domhan le crainn ginealaigh a dhéanamh agus bhain sé sásamh mór as a bheith ag amharc fríd sean thaifid eaglaise (church records) rl agus ansin ag cur an t-eolas le chéile mar a hiarradh air. Ar an Ollscoil. I ndiaidh bás a aintín d’aistrigh Leaslaoi go dtí lóistín i mBéal Feirste agus fuair sé fostaíocht in Oibreacha Innealtóireachta Sirocco. Ní raibh an obair seo fóirsteanach dó mar nach raibh dúshlán intleachtach ar bith ag baint leis. Shocraigh sé a dhul go hOllscoil na Ríona i mBéal Feirste ach dhiúltaigh siad iontráil dó i dtús báire as siocair nach raibh aon oideachas foirmiúil faighte aige nó torthaí scrúdaithe aige. Rinne sé freastal ar ranganna oíche ansin ar feadh bliana i gCeardcholáiste ar Shaftsbury Avenue; phill sé ar an Ollscoil áit ar glacadh leis anois mar mhacléinn críonna (mature student). Is cinnte go ndéarfadh an teaghlach s’againne go raibh Leaslaoi ar a shuaimhneas agus sona sásta nuair a bhíodh sé ag staidéar agus ag déanamh taighde; thaitin an dúshlán i gcónaí leis. Síochá- naí láidir a bhí ann i rith a shaoil de thairbhe marú a athar. Bhí meas mór air i measc a phobail eaglaise áitiúil agus sa phobal áitiúil. Is grámhar iad ár gcuimhní air mar tuigeann muid go raibh a óige iontach brónach ach bhí a chroí istigh sa chuid seo de Dhún na nGall, sna daoine agus i nGaeilge Ros Goill. Bhí sé i gcónaí iontach cruinn agus bhí an dear- gfhuath aige do phoncaíocht agus do ghramadach mhíchruinn. * * * * Leaslaoi U.. Lúcás: léachtóir, gramadóir, canúineolaí agus foclóirí leis an Dr Seán Mac Corraidh BA MA EdD PGCE PQH Bhí mise mar mhac léinn ag dul do chéim onóra- cha sna teangacha Ceilteacha i Roinn na Ceiltise in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste idir 1977 agus 1982. Ar na réimsí léinn a ndearna muid staidéar orthu, bhí an tSean-Ghaeilge. Is é sin le rá, An Ghaeilge mar a bhí sí idir, déarfaimid, 500 AD agus 800 AD. Sa tríú agus sa cheathrú bliain den chúrsa, is é Leaslaoi Lúcás a bhí mar léachtóir againn agus muid i gceann fhoghlaim na Sean- Ghaeilge. Is é a bhí sa staidéar den chuid is mó ciall a bhaint as cuid de na nótaí a bhí scríofa i nGaeilge an ama sin, amuigh is istigh ar mhíle go leith bli- ain ó shin, ag manaigh Éireannacha in Éirinn agus a bhí leo chun na hEorpa nó ar an Mhór- Roinn féin agus iad ag iarraidh tuigbheáil a bhaint as an Laidin ina raibh an bunábhar scríofa m.sh. spiritu enim loquitur mysteria .i. ro-cluinethar cách in fogur et nícon fitir cid as-beir (Bergin, 1976: 105). ‘Cluin gach duine an fhuaim agus níl a fhios aige cad é a deir sé,’ an chiall atá leis an phíosa sin, más buan mo chuimhne, agus cuirfidh bunadh Ros Goill suim ar leith san fhocal nícon sa sampla sin nó is uaidh sin a thigeas na focail ní agus cha atá go láidir sa chanúint mar a léirigh Leaslaoi ina leabhar téagartha, scolártha Grammar of Ros Goill Irish, Co. Donegal a foilsíodh sa bhliain 1979 ag an Institute of Irish Studies, Queen’s University Belfast. Mar shampla de sin aige tá an seanfhocal, ‘Cha dtarann an aois leis féin’, (Lucas, 1979: 310). Tá tuilleadh le rá faoin leabhar sin níos faide anonn ach is air a tharraing An Dr Seán Mac Corraidh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3