Guth Ghoill, Eagrán 25
Eagrán 25 Márta 2009 7 mé an scéal. Níl a fhios agam cé acu baois na hóige nó rud a shíl mé a bhí le céill ach bhí mise mé féin i bhfách go mór leis an staidéar a dhéanamh fríd Ghaeilge ach is i mBéarla den chuid is mó a rinne muid an obair. Ach cibé scéal é, nach bhfuair mé de mhisneach ceist a chur air lá amháin, ‘A Leaslaoi, cad chuige nach ndéanaimid seo uilig i nGaeilge?’ agus ar seisean ag tabhairt freagra orm, ‘John, do you not think it’s difficult enough in English?’ B’éigean dom féin gáire a dhéanamh ag an am ach níl mé cinnte go sea cé acu agamsa nó aigesan a bhí an ceart. Ceann de na gnéithe a bhain lena chuid teagaisc a ba mhó a raibh dúil agam féin ann ná an dóigh a dtabharfadh sé focal duit a bhí sa tSean-Ghaeilge agus ansin focail eile i dteangacha eile a bhí gaolta leis an fhocal sin agus a d’fhás as an fhréamh cheanann chéanna b’fhéidir sa chéad teanga a labhraíodh idir talamh na hIndia agus na hEorpa mar atá an teanga Ind-Eorpach, más fíor do thaobh amháin den airgeal acadúil: Old Irish fer Welsh gwr , Latin virus , Sanskrit viras , Latvian vírs nó Old Irish recht , Welsh rhaith , Latin rectus , German recht , English right . Bhí na céadta acu sin ar a theanga aige. San alt gairid seo, mar sin féin, is mian liom chomh maith bhur n-aird a tharraingt ar Leaslaoi mar ghramadóir, mar chanúineolaí agus mar fhoclóirí. Dhá leabhar a scríobh Leaslaoi a bhaineann leis an Ghaeilge mar a labhraítear i Ros Goill í. An chéad leabhar ná Grammar of Ros Goill Irish, Co.Donegal a foilsíodh i 1979 agus an dara ceann Cnuasach Focal as Ros Goill a foilsíodh thiar sa bhliain 1986. Is cóir a rá gur mar chuid de shraith leabhar a foilsíodh an dá cheann. Bhéarfaimid spléachadh ar an dá leabhar anseo thíos. Grammar of Ros Goill Irish, Co Donegal, Institute of Irish Studies, QUB : 1979 Imleabhar 5 atá sa leabhar seo i sraith ar tugadh Studies in Irish Language and Literature . Is le Roinn na Ceiltise, QUB, Béal Feirste a bhain na daoine a scríobh na himleabhair atá sa tsraith agus is iad na leabhair atá sa tsraith luachmhar seo a d’fhoilsigh an Institute of Irish Studies, QUB, Béal Feirste: Ceolta Theilinn le P. Mac Seáin, The Irish of Achill le G. Stockman, The Irish of Tory Island le N.Hamilton, Contributions to a Study of Ulster Irish and Scottish Gaelic le C.Ó Baoill agus Grammar of Ros Goill Irish le L.W.Lucas. Mar atá ráite agam leabhar téagartha í seo a bhfuil eolas creathnach domhain inti ar ghram- adach na Gaeilge mar a bhí sí le sonrú aige i gcanúint Ros Goill ag an am. Má foilsíodh an lea- bhar i 1979, caithfidh sé go raibh an t-údar ag cruinniú a chuid eolais go luath sna seachtóidí nó ina lár nó obair fhadálach atá i dtiomsú eolais, agus i scríobh agus i bhfoilsiú leabhair agus go háirid nuair atá an leabhar bunaithe ar thaighde. Mar sin de, is é atá sa leabhar cur síos ar an teanga mar a labhraíodh í i bparóiste Mhíobhaí tuairim’s ar chúig bliana déag is fiche ó shin. Is é is fearr a thig liom a dhéanamh san alt seo blaiseadh beag a thabhairt daoibh ar chuid den teanga a chruinnigh Leaslaoi ó bhunadh an cheantair. Ag an ghnáthléitheoir is é an t-aguisín, is fusa a léamh nó tugtar seanfhocail, tomhaiseanna, cora cainte agus focail annamha i scríobh na Gaeilge. Síos fríd an chuid eile den leabhar, diomaite den aguisín, den innéacs agus den trácht ar na dobhriathra, tugtar samplaí de chaint na ndaoine san fhogharscríobh amháin (comharthaí idirnáisiúnta a fhóireann do theanga ar bith agus é bunaithe ar na fuaimeanna). Ar ndóigh tá sin feidhmiúil fosta sa mhéid is go léiríonn sé fuaimniú ar leith na gconsan agus na nguthaí sa chanúint ag na daoine ar labhair sé leo. Is fiú tagairt a dhéanamh do chúpla pointe a ghní sé i réamhrá an leabhair. Is léir gur mhothaigh sé nach raibh aird ag na daoine ar Ghaeilge na leabhar agus gur chirte a gcuid leaganacha féin thíos i Ros Goill ná rud nach raibh nádúrtha dar leo. Bheir sé míniú ar an dá chanúint atá sa pharóiste, san Íochtar agus san Uachtar ach maíonn sé fosta go raibh difear sa chaint fiú ó chainteoir go cainteoir san aon teach amháin. Ar ndóigh, glacann sé buíochas ó chroí le muintir Ros Goill as an am a thug siad ag caint leis le go dtiocfadh leis an staidéar a dhéanamh. Seo dhá leabhar atá foilsithe ag Seán Mac Corraidh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3