Guth Ghoill, Eagrán 25

Eagrán 25 Márta 2009 8 Seo anois mo rogha féin de chuid de na seanfhocail a chruinnigh sé. Léiríonn siad dar li- om canúint na háite agus an dóigh a raibh an Bé- arla agus an Ghaeilge ag déanamh teagmhála lena chéile nó tá lorg an Bhéarla ar chuid acu. Ina dhi- aidh sin, tá críonnacht na seandaoine le sonrú go láidir fosta orthu. Cuirfidh sé thart an t-am duit féacháil le tuigbheáil a bhaint as na cinn nár chuala tú riamh! Chan fhuair aonduine bás nach dtig gnoithe a dhéanamh gan é. Tá sé mar a bheadh bratóg ar gach aon tor. Cha dtiocann buaireamh am ar bith leis féin. Go maire tú is go gcaithe tú é is go ndéana tú céad poll air. Chomh cam le madadh ag mún ar shneachta. Chomh gairid le cac asail/ruball coinín. Chomh láidir le Goll. Tá sé ag cur bológaí. Tá na diachaí ar obair. Bhí sé titim fríd a chuid éadaí. Is é an ghaoth anoir claith fhuirste na farraige. Gheobhaimid jaim ort. Cha dtáinig mise aníos an Mhaol Ruaidh i mbai- rille. Cha bhíonn a fhios agat an tobar go rachaidh sé tirim. Cnuasach Focal as Ros Goill, Acadamh Ríoga na hÉireann: 1986 Tá scríofa agam go dtí seo ar Leaslaoi mar léachtóir agus mar g h r ama d ó i r a c h d’oibrigh sé fosta i réimse na foclóireachta agus é ag léiriú cha- núint Ros Goill don t s a o l m h ó r i bhfoilseacháin. Is mar chuid de shraith imleabhar dar teideal Deascán Foclóireachta fosta a d’fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1986 an leabhar seo, Deascán Foclóireachta 5 . Is iad na leabarthaí uilig a foilsíodh sa tsraith: Innéacs Nua-Ghaeilge don Dictionary of the Irish language le T. de Bhaldraithe, Liosta Focal as Idir Shúgradh agus Dáiríre le S. Ó Murchú, Díolam Focal (A) ó Chorca Dhuibhne le É. Ó hÓgáin, Foirisiún Focal as Gaillimh, T. de Bhaldraithe agus Cnuasach Focal as Ros Goill le Léaslaoi U. Lúcás. Mar a mhínigh an t- údar i réamhrá an leabhair, ‘is é atá sa liosta seo focal, bríonna focal, cora cainte is seanfhocail a bailíodh i Ros Goill agus nach lu- aitear in FGB ( Foclóir Gaeilge-Béarla, 1997 Niall Ó Dónaill’. Arís is léiriú atá sa leabhar seo ar na dóigheanna a ndeachaigh an Béarla i bhfeidhm ar chanúint na Gaeilge sa cheantar agus ar an chaoi ar chuir muintir Ros Goill a gcló féin ar fhocail a thainig as teach na scoile mar shampla monarcan a thig ón fhocal monarcha . Ina dhiaidh sin, mar a mhínigh Leaslaoi arís, ‘is cruthú ar shaibhreas na canúna an iliomad focal dúchasach atá sa chnuasach seo nach bhfuarthas sna foclóirí roimhe seo.’ An té nach mbeadh am ná foighde aige treabhadh fríd Grammar of Ros Goill Irish, Co Donegal, ar leabhar trom acadúil é, b’fhéidir gur mhó an sult a bhainfeadh sé as an leabhar seo nó is liosta creathnach suimiúil focal, seanfhocal agus cora cainte atá ann. Fuígfidh mé sibh le sampla nó dhó as an chnuasach focal seo a bailíodh i bparóiste Mhíobhaí ó chainteoirí Gaeilge in áiteacha ar a n-áirítear i measc áiteacha eile, Dumhaigh, Ceann an Leargaigh, Cluain tSaileach, Na Dúnaibh agus an Mhuirleog san Íochtar agus Duibhlinn Riabhach, Gort na Brád agus Tulach san Uachtar: Ce is deise do theach an phobail is moille ag an Aifreann. Is fhearr ainm maith ná saibhreas an domhain. Goidé a bheifeá ag dúil ó bhó ach cic? Tá sé creathnach friailte lena chomhairle ach Bhí sé ag tabhairt amach páipéir frialta. Bíodh do thine agat féin is ná déan do ghoradh leis an ghrian. Ná bíodh do theanga i do phluca. Fuígfidh mé sibh le beannacht d’aimsir na Nollag: Go lige Dia slán muid go dtige an am seo ar an bhliain seo chugainn. Féadaimid bheith buíoch do Leaslaoi as an saibhreas cainte a bhí ag na seandaoine a chaomhnú dúinn sa dá leabhar seo agus is mithid a shaothar a cheiliúradh. Tagairtí Bergin, O.: Old Irish Paradigms and Selections from the Old Irish Glosses, RIA: Dublin . 1976. Lucas, L.: Grammar of Ros Goill Irish, Co Donegal , Institute of Irish Studies, QUB: Belfast, 1979. Lucas, L.: Cnuasach Focal as Ros Goill , Acadamh Ríoga na hÉireann: BÁC, 1986.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3