Guth Ghoill, Eagrán 25
Eagrán 25 Márta 2009 9 I ndíl chuimhne ar ár ndeartháir. Paidí (Phat) Ó Gallachobhair 1947 - 2008 Ba ar an Ghléib, í leithinis Ros Goill a rugadh Paidí ar an tríú lá déag de mhí Mheán Fómhair sa bhlian 1947. Bá é an dara páiste ba shine de sheisear teaghlach a bronnadh ar Dhonnchadh Ó Gallchóir agus a bhean Eilís (Bella). Bhí triúr deartháir agus beirt dheirfiúr aige, Séan agus a chlann atá ina gcónaí ar an Ghléib, Cathal i bPort Laoise, Micheál i nDoire, Áine i dTeileann agus Máire i San Francisco. Nuair a bhí muid uilig ag éirí aníos ar an Ghléib agus ag dul ar scoil í Míobhaigh, is cinnte gur sin an lá ab fhearr a bhí muid. Bhí carthanacht agus comharsanacht i measc na ndaoine uilig agus nuair a bheadh obair mhór le déanamh, cosúil leis an mhóin a bhaint nó í a thabhairt abhaile ón phortach, chuireadh siad meitheal i gcuideachta. Bheadh Paidí i gcónaí réidh le bheith páirteach san obair. Ní raibh leisce air nuair a bheadh obair le déanamh. Is cuimhin liom lá amháin chuaigh sé amach sa chuibhreann agus rinne sé stróiceadh rómhair. Choinnigh sé ag obair isteach san óiche mar bhí gealach iomlán ann. Sílim gur James Antoin agus Madgie a tháinig ag airneáil agus bhí said ag caint agus ag tabhairt clú mhór do Phaidí faoin obair a bhí déanta aige. “ Tús maith leath na hoibre ” a deireadh siad. Lé scéal fada a dhéanamh gairid tháinig Paidí isteach agus dhá leath déanta aige den spád úr. Chuir sin deireadh leis an mholadh. Bhí craic mhaith againn achan lá le Paidí. Is cu- ma cé chomh olc is a bhí rudaí, bhí Paidí ábalta a theacht amach le rud éigin simplí agus craiceann a chuir ar an scéal. Is cuimhin liom lá amháin i rith an tSamhraidh, bhí baicle againn thall in Óstan Ros na Binne ‘ ag caddyáil ’ mar bá ghnáth linn ná málaí gailf a iompair do na cuairteoirí. Thosaigh an fhearthainn an lá sin agus cha raibh duine ar bith ag imirt. Bhí muid ag spaisteoireacht thart agus chuaigh muid isteach ar an fhoscadh sa teach fu- innimh. Thug muid comhairle do Phaidí a bheith cúramach. Cha raibh muid i bhfad istigh gur chuala muid an scread agus thosaigh na cri- osanna agus na rothaí móra ag tiontú na n - inneall. Níl fhios agam go dtí an lá seo caidé mar a tháinig muid uilig amach slán sábháilte. Bhéarfaidh mé tuairim amháin duit cé a bhuail an cnaipe glas........ Lá eile bhí muid ag iompar na málaí gailf agus bhí Paidí ar an fhoireann. Ba as an Eilbhéis na ceithre imreoir agus cha raibh eolas ar bith acu faoin chúrsa. Chuir siad ceist cá raibh an dara poll agus thug muid treoir dóibhthe. Sheas an chéad fhear agus bhuail sé an chrag lena bhata gailf. “ Good shot ” arsa Paidí. Cha raibh na focail amach as a bhéal nuair a chuaigh an chrag amach ar an trá mhór. Bhí muid go huile ag seitreach leis an gháire. Bhí mo dheirfiúr Máire ag insint scéil faoi Oíche Shamhna amháin. Bhí scaifte páistí ón chomharsanacht cruinnithe sa seanteach ina raibh cónaí orainn ag an am. Bhí siad uilig ag imirt cluichí. Bhí Micí Eanaí ansin agus thug sé faoi deara péire buataisí úra. Bhí sé ag iarraidh iad a chur ar a chosa nuair a chonaic Paidí é. Thosaigh an bheirt acu ag tarraingt na mbuataisí óna chéile. Scar an bonn ón bharr agus ba sin an deireadh a bhí leis na buataisí agus tús an dí- omá.... Is cuimhin liom fosta eachtra amháin nuair a bhí mé ar an Ollscoil i mBaile Átha Cliath i 1976. Chuaigh mé le cuairt a thabhairt ar Phaidí in Otharlann na Súl agus na gCluas. Cha raibh a fhios agam cén leaba a raibh sé ann ach chuala mé a callán ag an doras. Nuair a chuaigh mé is- teach sa tseomra, rith an bhanaltra anall chugam ag iarraidh orm insint dó coinneáil ciúin. Bhí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3