Guth Ghoill, Eagrán 26

Eagran 26 Meitheamh 2009 10 cottages úra a tógadh i Ros na Binne. Bhí bád beag ag Eoghan agus bhí an iascaireacht sna Dúnaibh i mbarr a réime ag an am agus is cosúil gur fhear críonna a bhí ann mar gur cheannaigh sé an fheirm i Míobhaigh sa bhliain 1928. Daoine den sloinneadh Hay a bhí sa teach seo roimhe sin agus bhí bean ann fosta darbh ainm Catherine Black. Cailleadh beirt den chlann ina n-óige. Fuair Dan bás nuair a bhí sé ocht mbliana déag d’aois le hai- pindicíteas (appendicitis) agus ní raibh Sarah ach dhá bhliain déag nuair a fuair sise bás den tinneas céanna, bliain i ndiaidh dóibh aistriú go Míob- haigh. Chaith Paidí cúig bliana sa bhád chlós agus nuair a bhí a phrintíseacht thart d’imigh sé go Me- iriceá. Bhí Eoghan féin i Meiriceá fosta faoin am sin agus é i ndiaidh cúpla bliain a chaitheamh i gCeanada roimhe sin. Phós Paidí bean darbh ainm Maggie Uí Fhrighil as Fánaid ach níor fhill sé ar an bhaile ariamh. D’imigh Micí agus Joe go Meiriceá fosta. Bhí Joe pósta ar bhean darbh ainm Cathleen Walsh as Gaillimh agus bhí beirt clainne acu. Tagann a iníon Maureen ar laethanta saoire anseo achan bhliain. Bhí John pósta in Al- bain agus fuair sé bás traidhfil blianta ó shin. Bhí Peigí pósta ar Fheargal Mhicheáil as Dumhaigh agus bhí iníon acu, Noeleen. Fuair Feargal bás óg agus sa bhliain 1952, nuair a bhí Noeleen seacht mbliana d’aois, thug Peigí i go Meiriceá. Phós Peigí fear ón bhaile, Charlie Mac Giolla Bhríde (CharlieAnn), ansin. Tá Peigí beo beatha Eoghan Mac Aoidh, ...., Maggie Ní Fhrighil, Paidí Ó Buaidh Peigí agus Feargal Peigí, a h - iníon Noelen agus a neacht Máire

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3