Guth Ghoill, Eagrán 26

Eagran 26 Meitheamh 2009 11 go fóill i Meiriceá agus í os cionn nócha bliain d’aois anois. Taobh amuigh de na tréimhsí a chaitheadh sé in Albain anois is arís ag obair ar fheirmeacha, d’fhan Frank sa teach i Míob- haigh. Phós sé Bridget Ferry as an Chlochán Li- ath, bhí sí ag obair i monarcha cniotála Bhean Mhic Loscaí i gCarraig Airt. Bhí sciortaí, culaithe, bairéid agus a leithéidí a ndéanamh ansin agus cniotálaí maith a bhí in Bridget, “aran“ nó “fair isle” agus gan patrún ar bith de dhíth uirthi. I ndiaidh di teacht go Míobhaigh ba ghnách léi siúl chuig a cuid oibre i gCarraig Airt, agus ina dhiaidh sin rinne sí cniotáil sa bhaile dóibh. Chaith Frank tréimhse ag obair leis an Chomhairle Con- tae, amuigh le beathach agus cairt, agus chaith sé tamall breá ag obair ar an ghalfchúrsa fosta. Macasamhail a athar Eoghan roimhe, d’amharc Frank i ndiaidh an solas atá thíos ar an chladach ag poinnte Mhíobhaigh. Lampa pairifín a bhí ann san am sin. Beirt de chlann a bhí ag Frank agus Bridget, Máire atá pósta ar Éamonn a’ Táilliúir i gCeann na Leargaidh agus John atá pósta ar Nancy Nic Giolla Bhríde as Carraig. Tá John agus Nancy ina gcónaí anois giota anonn an bealach ón áit a raibh an seanteach, os cionn an chuibhrinn ar a dtugtar Lag a bhFéile air. Fuair Frank bás i 1976 agus é 71 bliain d’aois agus bhí Bridget 92 nuair a fuair sí bás i 1994. Sa chéad teach eile bhí na Moores. Bhí teach na Mooraigh agus teach Eoghain faoin díon amháin. Ceathrar a bhí sa teach seo, Mary Jane, Robert, Fred agus Gusty agus ní raibh duine ar bith acu pósta. Ní fios dúinn cá huair a bhog siad isteach anseo agus níl muid cinnte c’as a dtáinig siad ach bhí baint acu le Fraoch (Seo an baile fearainn a bhí ar chúl an ‘station’ agus a shlog an gaineamh suas le linn na stoirmeacha gainimhe) agus bhí daoine muinteartha dóibh i dTamhnach thall i bhFánaid. Gusty an t-aon duine acu ar chuimhin liom fhéin (nó Moore mar ab fhearr aithne air) ach, de réir a gcuid comharsan uilig, daoine cineálta cneasta a bhí iontu. Bhain siad slí beatha mhaith amach dóibh fhéin idir an fheirmeoireacht agus an iascaireacht mar go raibh talamh ag na Mooraigh ó bharr Gháinne go cladach Lag na hUillinne. Chomh maith leis an fheirm i Míobhaigh, bhí feirm eile acu thall i gCraobhaigh agus d’fhanadh siad ann i rith na seachtaine in aimsir an fhómhair nó le linn am chur no bhaint na bprátaí. Ba ghnách leo pór prátaí a dhíol ina n-am. Chaith Robert tréimhse ag an iascaireacht in Albain fosta agus le linn ré órga na hiascaireachta sna Dúnaibh bhíodh siad ag tarraingt iasc ón ché. Teach mór imirt chártaí a bhí i dteach na Mooraigh. Thagadh na comharsana isteach, óg agus aosta, le “Brag” a imirt ar phingeacha. Go minic chloisfeá ceol sa teach seo fosta mar ba bhreá le Gusty port a sheinm ar an fhidil nó corr uair ar an bhosca ceoil. Fuair Mary Jane bás i 1952, cailleadh Fred sa bhl- iain 1959 agus Robert i 1960. Chaith Gusty ta- mall ann leis fhéin ansin sular aistrigh sé isteach John, Noelen agus Máire John Eoghain Frank, Bridget, Gusty Moore, Pádraig Mac Suibhne (deartháir Mháire) & Eoghan

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3