Guth Ghoill, Eagrán 26

Eagran 26 Meitheamh 2009 12 go Doire ag daoine muinteartha dó agus dhíol sé an fheirm i Míobhaigh le Liam Mac Nuadht. Fu- air sé bás i nDoire luath sna seachtóidí. Bhí faoi na staighrí, a bhí taobh istigh den doras tigh Mhooraigh i gcónaí líonta le móin agus nuair a fuair Gusty bás tháinig a dhaoine muinteartha amach as Doire leis an teach a ghlanadh agus caidé a bhí istigh ar chúl na móna ach an ‘tindy’, tindy an airgid! Chan iontas ar bith dóibh neart ama a chaitheamh achan lá ag líonadh faoi na staighrí le móin. Giota anonn ón teach, ar an taobh eile den bhealach, bhí scioból na Mooraigh. Foirgneamh dhá stór a thóg Tuathal Mac a’tSaoir as Baile na Deora a bhí anseo agus obair chloiche den scoth le feiceáil ann. Ar íochtar, ar leibhéal na talún bhí bóitheach agus stábla agus ar uachtar, ar leibhéal an bhealaigh, bhí lafta don fhéar agus don arbhar. Má théann tú cúpla slat síos lane Mhíobhaigh Íochtaraigh tiocfaidh tú ar bhothán Eoghain is- tigh ar thaobh na láimhe clé agus deirtear go raibh baint ag an Garda cósta leis uair amháin. Cé nach cuimhin le duine ar bith an áit a bheith in úsáid acu ariamh, tugtar an “Watch house brae” ar an mhalaigh seo go fóill. Beidh an chuid eile den chuntas seo sa chéad eagrán eile. Scioból na Mooraigh Imeachtaí ChéimAniar Seo thuas pictiúr a glacadh de na páistí i Naíonra Dhiarmada agus Ghráinne sular dhruid an naíonra don samhradh. Bronnadh teastas ar na páistí agus chuaigh siad ar thuras go “ Kids Kingdom ” ar an lá deireanach. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Cití agus Mairéad, an dá stiúrthóir, agus ádh mór a ghuí ar na páistí a bheas ag toiseacht sa bhunscoil i mí Meán Fómhair. €

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3