Guth Ghoill, Eagrán 26

Eagran 26 Meitheamh 2009 14 Feadaímó 1818 Bhí solas le feiceáil amach soir ar imeall na spéire agus Feadaímó ag amharc síos ar bhaile Leitir Ceanainn. Bhí sé tuirseach agus bhí ocras air. Thóg sé na bróga a bhí crochta thart ar a mhuineál agus leag ar an talamh iad. Shuigh sé ar charraig le taobh an bhóthair agus don chead uair ó d ’ fhág sé an baile bhuail beag uchtach é. Bhí a fhi- os aige go raibh se i mbearta crua. Cha raibh leathphingin ina phóca agus é i gceantar nach mbeadh aithne ag duine ar bith air. Chuaigh an náire go smior ann agus é ag smaoineamh ar an diúltú a fuair sé ó Ghráinne Ní Dhubhaigh níos luaithe san oíche. Chuir an diúltú sin eanglach ina chroí agus cha dtug sé fá deara na malaí ar an bhealach agus é ag dul thairis Loch as ’ Alt. Bhí fuacht san aer an mhaidin fhómhair seo agus tháinig sé chuige go raibh an baile fágtha aige agus gan hata, gan chóta agus má bhí an ceart ag Gráinne gan chiall ach oiread. Bhí cumhacht na tairngreachta ag Feadaímó ach, ba mhór an trua, dar leis, nach raibh sé ábalta an tairngreacht a tharraingt ar fhéin am ar bith a ba mhian leis a úsáid. Chan san fhaopach seo a bheadh sé dá ma rud é go raibh a fhios aige roimh ré gur diúltú ó Ghráinne a bhí i ndán dó. San am chéanna shíl sé gur chuma chomh holc is a bhí rudaí bhí sé níos fearr ná a bheith greamaithe i gcleamhnas le Mádgie Thuathail Rua. Sheas sé, agus thug sé faoi deara go raibh sé ábalta cruth na talún a dhéanamh amach níos fearr le teacht an lae. Bhí soilse le feiceáil i gcuid de na tithe thíos faoi agus níos mó acu a lasadh de réir mar a tharraing an mhaidin isteach. Mhothaigh sé athrú in aird na gaoithe agus d ’ amharc sé siar ar a chúl. Ní raibh réalta le feiceáil an treo sin anois mar bhí scamaill mhóra troma ag rolladh isteach agus droch chuma amach ar an spéir. Bhí, b ’ fhéidir, míle go leath le cur thairis leis an bhaile a bhaint amach go fóill ach ní raibh am do sin anois. Bheadh ar foscadh a fháil sula dtagadh an stoirm isteach. Bhí teach ina shuí i ngleann bheag tuairim is céad slat ar a thaobh chlé agus mheas sé nach raibh an darna rogha aige ach dul agus foscadh a iarraidh orthu. Bhain Feadaímó sráid an tí amach agus é i gceann na fearthainne. Ag an am chéanna thosaigh madadh ag tafann istigh. Thit díle bháistí air agus é ag buaileadh cnag ar an doras. Cha dtiocfadh leis fanacht ar fhreagra agus thóg sé an laiste. D ’ oscail an doras agus shiúl sé isteach. “ Beannacht Dé ar a bhfuil faoin díon seo, ” a dúirt sé, agus léim an madadh air. Madadh mór dubh a bhí ann agus chluinfeá a ghlam ar bharr na Mucaise. Thit Feadaímó ar a chúl amach an doras agus an madadh sa mhullach air. Bhí greim muineáil aige ar an mhadadh ach láidir is uile is a bhí Feadaímó bhí sé curtha go críoch a nirt é a choinneáil óna sceadamán fhéin. Bhuail an smaoineamh é go raibh fuil an mhic tíre ag reáchtáil i gcuislí an ainmhí seo dé réir a mhéide agus a láidreachta. Chuala sé scairt agus shocraigh an madadh ach níor scaoil Feadaímó a ghreim. Sheas fear i ndoras an tí ag breathnú síos ar an strainséir a bhí ina luí ar a dhroim agus an fhearthainn a bhá. “ Cad é ’ n cineál bacach bóthair a thagann go doras ag an am seo den mhai- din agus a shiúlann isteach gan chuireadh? ” arsa an fear. “ Fear fliuch gan chóta nó hata, ” dúirt Feadaímó. Thosaigh an fear ag gáire. “ Má tá tú gan chóta nó hata níl tú gan spiorad. Seo, tar isteach ón bháisteach sin agus fáilte romhat. ” “ Munar mhiste leat, ” arsa Feadaímó, “ an dtiocfadh leat rópa a chur ar an mhadadh seo mar ní fhei- cim an fháilte sin ina shúile. ” “ Jack, bíodh múineadh ort, anois, a dúirt mé. ” Fuair sé greim ar an mhadadh agus tharraing sé é ar ais. “ Isteach leat, a dhiúlaigh go ndruid- fidh mé an doras seo. Chan maidin atá ann ina dtig linn teas a chur amú. ” Bhí seanbhean ina suí sa chlúid agus coinneal lasta aici. D ’ amharc sí ar Fheadaímó agus é ina sheasamh costarnocht agus an t - uisce ina lochán thart air i lár an urlár. “ B ’ iomaí rud aisteach a chonaic mé i mo shaol, a dúirt sí, ach beidh sé doiligh seo a bhuaileadh agus mé ag scéalaíocht cois tine oícheanta geimhridh amach anseo. ” D ’ éirigh sí agus thosaigh sí ar an tine, a bhí coigilte ón oíche roimh ré, a fhadú. Caith cúpla bratóg d ’ éadach ti- rim chuig an bhoc sin, a Joe, dúirt sí, agus í i mbun oi- bre. Chuaigh an fear isteach sa tseomra agus tháinig sé ar ais le sean phéire brístí agus léine báinín. Isteach ansin leat, a ghasúir, agus cuir ort iad seo más beo atá tú ag iarraidh a bheith maidin amárach. Nuair a tháinig Feadaímó isteach arís bhí tine mhaith ar an teallach agus pota uisce crochta os a ceann. Thosaigh an bhean ag gáire nuair a chonaic sí chomh teann is a bhí an léine ar Fheadaímó. “ Shíl mé fhéin gur fear mór a bhí i Micheál s ’ againne ach níl ann ach dreoilín le do thaobhsa, a fhir óig, ” a dúirt sí. “ Beannacht Dé ar do shláinte, anois, caith na héadaí fliucha sin chugam agus tarraing anall ag an tine. ” Shuigh Feadaímó lena taobh agus shín sí pláta de phrátaí ath - rósta chuige. Is iad a bhí blasta i ndiaidh a thurais. “ Anois, ” arsa an tseanbhean, agus í ag crochadh a léine le taobh na tine, is Nóra atá ormsa, Nóra Ní Cheallaigh, agus chan dí- mhúinte atá mé ach caithfidh mé cúpla ceist a chur ort. Cé thusa, cas thú, agus inis dúinn an bhfuil na saighdiúirí sa tóir ort? Inis an fhirinne dúinn mar a bheadh fear maith ann mar crochadh mac domhsa i nócha is a hocht agus níl mé ag iarraidh duine eile a chailleadh. ” “ Bhail, maise, a Nóra, thig leat an imní sin a chaitheamh duit, ” arsa Feadaímó. “ Is Feadaímó atá ormsa agus as ceantar Ros Goill mé, agus níl a dhath sa tóir ormsa ach paidreacha mo mhuintire mar d ’ fhág mé an baile gan beannacht m ’ athar, is mé a aonmhac. Tá mé ar mo bheal- ach go Meiriceá is nuair atá stór déanta agam tiocfaidh mé ar ais mar fhear neamhspleách a dhéanas a thoil féin. ” “ Cad chuige Meiriceá, ” arsa Joe. “ Nach mbeadh an Lagán nó Albain níos cóngaraí duit. Tchím go leor ag pilleadh ón Lagán agus ó Albain, arsa Feadaímó, agus gan acu ach pinginí suaracha ina bpócaí. Fosta, de réir mar a chuala mise, níl saol madaidh ag Caitlicigh Éireannacha sna háiteacha sin. Thóg Nóra aibhleog amach ón tine le maide briste agus dhearg sí dúidín beag

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3