Guth Ghoill, Eagrán 26

Eagran 26 Meitheamh 2009 15 leis. “ Cogar bomaite, a fhir óig, ” a dúirt sí, “ D ’ éist tú le daoine a tháinig ar ais ó Albain agus ón Lagán, ach ar casadh duit ariamh fear nó bean a d ’ fhill ó Mheiriceá? ” Chroith Feadaímó a cheann. “ Char casadh. ” Chaith Nóra seileog isteach sa ghríosach agus d ’ amharc sí ar Fheadaímó. “ Char casadh mar cha dtarlaíonn sé. Anois, ” ar sise, níl a fhios agamsa cad é ’ n cineál tine atá faoi do thóin ach déarfainn gur cailín a las é. Is é mo mholadhsa duitse ná fanacht anseo inniu agus maidin amárach beidh biseach ar an aimsir agus dearcadh níos fearr agatsa ar an saol. Gabh na bhaile ansin agus socraigh rudaí le do mhuintir. ” “ Tá mé buíoch daoibh, a Nóra, glacfaidh mé le d ’ fhoscadh ach munar mhiste leat fágfaidh mé do mholadh leat. Chan an bealach go Ros Goill a bheas mise ag glacadh maidin amárach ach bealach Dhoire. ” “ Bhail, cha shílim ….” tho- saigh Nóra ach bhris Joe isteach uirthi. “ Fág é, a mháthair, nach n - aithníonn tú fear tiomanta agus é ina shuí romhat. A Fheadaímó, ” arsa Joe, “ mar a dúirt mé cheana, tá spio- rad ionat ach tá níos mó ná sin a dhíobháil. Níl cathair Dhoire ar dhóigh ar bith cosúil le Ros Goill. Cha dtig leat siúl isteach i dteach ar bith ansin is bia agus lóistín oíche a fháil. Caithfidh tú díol ar shon achan rud. Fosta ní bhfaighidh tú bád i nDoire a théann go Meiriceá. Beidh ort dul a fhad le Learpholl i Sasana le ceann a fháil. Muna bhfuil airgead agat a ghasúir tchím deacrachtaí romhat. ” “ Tá a fhios agam go maith go bhfuil deacrachtaí romham agus glacfaidh mé leo, ach dóigh amháin no dóigh eile tá mise ag dul go Meiriceá. ” Arsa Feadaímó. “ Nach iontach an rud í an óige, ” arsa Nóra. “ Leis na pianta i mo she- an - chnámhasa cha dtiocfadh liomsa dul a fhad le barr a ’ chosáin. ” “ Tá táin ag fágáil an bhaile seo anóirthear, arsa Joe, agus labhróidh mise leis an ghrásaeir, Domhnall Ó Dála, beidh tiománaithe bó a dhíobháil air. Gheobhaidh sin tú a fhad le Doire agus beidh cúpla pingin i do phóca cibé. Anois, fliuch nó tirim tá an bhó le bleán agamsa. Beidh tú báite má théann tú amach ansin, ” arsa Feadaímó. Ní amach atá mé ag dul, a dúirt Joe, agus é ag tógáil braighdeoige ón drisiúr. Bhí doras ar an taobh eile den chlúid nach dtug Feadaímó faoi deara cheana agus chuaigh sé isteach. Chuala Feadaímó fothram cearc thuas agus labhair Nóra leis. “ An bhfeiceann tú an ceirnín sin sa choirnéal, bhail sin cuid na gcearc agus más maith leat, thiocfadh leat sin a chaitheadh chucu. Ní bheidh siad ag dul amach inniu cibé ”. Chuaigh Feadaímó isteach leis an cheirnín agus léim na cearca anuas óna bhfara. Chaith sé an bia ar an urlár agus sheas sé ansin ag déanamh comhrá le Joe. Lá arna mhárach bhí an ghrian ag taitneamh agus chuidigh Feadaímó le Joe grágán de chrann a bhaint amach as an gharraí. Bhí meáchan creathnach sa ghrágán ach idir an bheirt acu d ’ éirigh leo é a tharraingt go dtí ’ n díog. Fág- faimid ansin é, ” arsa Joe. “ Nuair a thriomaíonn sé amach píosa lasfaidh mé tine faoi. Tá mé buíoch duit, a dhiúlaigh, mar tá mise ag streachailt leis an ghrágán sin le tamaill anois. ” “ Bhail, ” arsa Feadaímó, “ tá jabanna ann agus tá cuidiú a dhíobháil, is cuma cé thú. ” “ Goitse, ” arsa Joe, agus é ag siúl i dtreo an tí. “ Tá greim bia tuillte i ndiaidh sin ”. Bhí siad ina suí cois tine ag ithe uibheacha agus prátaí nuair a tógadh an laiste agus shiúl fear isteach. Fear ard caol le bata draighin a bhí ann. Sheas sé i lár an urláir agus labhair sé i nguth domhain údarásach. “ Chuala mé go raibh tiománaí bó agat domh, ” a Joe. “ Maise, ceann maith, a Dhomhnail, ” arsa Joe. “ Tá sé chomh láidir le triúr. Amharc air tú féin. Má thagann gadaithe oraibh an t - am seo, beidh sé ina chuidiú. ” “ Tá an chuma cheart air cibé, arsa Domhnall, ach an seasfaidh sé a fhód má thag- ann trioblóid ár mbealach, agus tiocfaidh. Mór agus uile is atá sé, tá sé óg agus chonaic mise go leor dena sham- hail a shíl gur laochra a bhí iontu. Rith siad ar an chéad radharc de na gadaithe fiáine. ” Sheas Feadaímó. “ D ’ inis Joe domh fá na gadaithe atá ar an bhealach idir seo agus Doire. De réir cosúlachta tugann siad droch - am dó na táinte a théann an treo sin. Má ghlacann tú mise mar thi- ománaí beidh mé leat go deireadh, agus is cuma liom fá na gadaithe fiáine. Is mise Feadaímó Phaidí Dhomhnaill Ó Gallchobhair agus char rith mé ariamh. ” D ’ amharc Domhnall ar an fhathach a bhí ina sheasamh roimhe agus bhí a fhios aige gurbh fhearr i bhfad an boc seo a bheith leat ná i d ’ éadan. D ’ aithin sé nach gnáth duine a bhí ina sheasamh roimhe agus tháinig sé chuige go mb ’ fhéidir go raibh deis aige an t - am seo na gadaithe a ghortú go holc. “ Maith go leor, rachaidh tú linn, gheobhaidh tú dhá scil- ling de phá, do bhia agus lóistín oíche i nDoire. Má dhé- anann na gadaithe ionsaí orainn, agus is fíor annamh nach ndéanann, gheobhaidh tú leathchoróin sa bhreis muna ngoideann siad ainmhithe ar bith. Fosta, bhéarfaidh mé coróin don fhoireann ar ghadaí ar bith a bheireann sibh orthu. Anois, an bhfuil sin cothrom go leor duit? ” Bhris aoibh gháire amach ar aghaidh Fheadaímó. “ Guím, ” a dúirt sé, go mbeidh slua gadaithe ar an bhealach. ” Bí cú- ramach, a ghasúir, arsa Nóra, is contúirteach iad corruair, na paidreacha a bhfreagraítear. Beidh an chuid eile den scéal sa chéad eagrán eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3