Guth Ghoill, Eagrán 26

Eagran 26 Meitheamh 2009 3 Teach Phádraig Den. Thíos i nDumhaigh ar imeall na trá, ag amharc isteach i gcraos na farraige móire tá seanbhallóg theach Phádraig Den, é ina shuí anseo leis na glúnta, teach a chonaic an mheidhir is an gáire, an grá is an ghruaim, ardú meanman agus cumhaigh le linn na mblianta fada ó tógadh é. Níl am dá dtéim thart leis nach dtéann m ’ intinn ar ais i ndeas de leathchéad bliain agus líonann mo cheann le samhalacha, le smaointe agus le cuimhní cinn. Níl a fhios agam caidé is ciontaí leis ach sílim go bhfuil draíocht ar leith ag baint le Dumhaigh nach bhfuil le fáil i mbaile fearainn ar bith eile agus chan fiantás na farraige amháin is cúis leis. B ’ fhéidir go bhfuil rud inteacht aige le déanamh leis an áit fhéin sa mhéid go bhféadfadh sé a bheith fíor gur i nDumhaigh agus ar an Chorrach a lonnaigh na chéad daoine a tháinig chun an cheantair seo in am na plandá- la. Nuair a bhí mé i mo ghasúr d ’ éireodh mo chroí nuair a bhainfeadh muid barr mhallaidh Bhidí amach agus muid ar an bhealach go Dumhaigh, amach romhat bhí an tírdhreach bán, tithe aoldaite agus cúr bán na farraige ag éirí de na carraigeacha go díreach mar a bhí sé ag déanamh leis na cianta agus níos faide amuigh bhí carraigeacha dubha Ghoill le feiceáil ag gobadh aníos as roisteacha farraige móire. D ’ inis Neansaí Hughie Den domh gur sin ceann de na samhalacha a d ’ fhan léithe nuair a chuaigh sí go Meiriceá an chéad uair i 1929, ceann de na ra- dharcanna deireanacha a fuair sí den tír ón long, ‘ ……… tithe beaga bána Dhumhaigh agus iad comh beag i bhfad uainn ’. Nuair a théadh siad ar an long thíos ag Magh Bhille (Moville) thige- adh sí thart le cósta Fhánada agus Ros Goill agus nuair a bhíodh sí ar shiúl thart leis an taobh seo tíre thiontaíodh an long díreach amach ar chúl Thoraigh ar a turas go Meiriceá. Do mhórchuid daoine ón cheantar seo ba Dhumhaigh an radharc deireanach a fuair siad dá bhfód dúchais mar go raibh cuid mhór den mhuintir a d ’ imigh nach dtáinig ar ais. D ’ fhanadh scaifte mór amuigh ar deic na loinge go rachadh an talamh as amharc. Ar Saoire i nDumhaigh. Nach iomaí lá soineanta suáilceach a chaith mé fán tráigh i nDumhaigh nuair a bhí sé d ’ ádh orm cúpla seachtain saoire a fháil thios i dteach mo sheanmháthar, ina sheasamh ar imeall na mara ag fanacht leis an chéad tonn eile briseadh agus ag reáchtáil uaidh nuair a shínfeadh sé é féin isteach ar an ghaineamh, nó na tráthnónta a chaith mé ag spaisteoireacht fá na carraigeacha ag fanacht leis na curracha a thiocfadh isteach le luí gréine, Mánas Eoin, Neaty Phádraig Den, Mánaí Mhicheáil — loinnir na n - iasc sna curracha; gliomaigh agus portáin ag bogadaigh thart agus ag síneadh a gcrúba; ag cuidiú leo na curracha a thabhairt aníos go dtí an rampa -- an gníomh deireanach seo lena chinntiú go dtabharfaí ladhra portáin domh; ar shiúl ar chosa in airde ‘ un tí leis na ladhra a chur sa tine agus a mbriseadh amuigh ar an tsráid le titim na hoíche. Cha dtiocfaí a shárú sin a fháil, ócáidí a bhí lán beochta, iontais agus draíochta. Cha raibh feidhm ar bith le Playstations nó le DVD ’ s san am sin. Bhí véarsa i ndán de chuid Mháirtín Uí Dhireáin - ‘ An tEarrach Thiar ’ - a thug íomhaigh na gcurracha ag teacht i dtír i nDumhaigh i gcónaí i mo chuimhne: Tollbhuillí fanna ag maidí rámha, Currach lán éisc ag teacht chun cladaigh, Ar órmhuir mhall I ndeireadh lae San Earrach Thiar.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3