Guth Ghoill, Eagrán 26
Eagran 26 Meitheamh 2009 4 Charlie Mór. Agus bhí Chéarlie Mór i nDumhaigh fosta! ‘ Cén aois thusa ‘ nois a Hughie? ’ a deireadh sé. ‘ Tá mé naoi mbliana ’ ‘ An mbeifeá ábalta céadmeáchain prátaí a chur ar dhroim asaile? ’ ‘ Níl fhios agam ’ a deirinn fhéin. Cha raibh tuairim dá laghad agam fhéin san am sin cad é comh trom agus a bhí céadmeáchain, c ’ acu bhí sé ag caint faoi mhá- la mór ná faoi mhála siopa. Ach san am ché- anna bhí a fhios agam ar an seasamh saighdiúra a bhí aige nach ualach éadrom a bhí i gceist! ‘ Bhuel nuair a bhí mise d ’ aois - se bhí mé ábalta dhá mhála céadmeáchain prátaí a chur faoi mo chuid ascaillí agus a gcur ar dhroim asaile ’. Thosóinn fhéin ag smaoineamh ansin go mbfhéidir nach raibh mé chomh láidir agus a ba cheart domh a bheith. Chuir mé ceist ar Hughie Phádraig Den caidé comh mór agus a bhí céadmeáchain prátaí. ‘ Lán saic acu sin ’ agus é ag díriú a mhéire ar shac a bhí ina luí ag doras an bhoithigh. ‘ Cad chuige ’ ar seisean. D ’ inis mé dó ansin fá chuid cainte Shéarlaí Mór agus ar seisean ‘……. Dhá chéadmeáchain prátaí nuair a bhí sé ar an aois chéanna leatsa, Charlie Mór, bhuel leoga dhéanfadh Charlie Mór sin nó b ’ fhéidir trí ná ceithre chéad meáchain ’ agus sin ar dhúirt sé. Bhí aithne mhaith ag Hughie ar Shéarlaí Mór! Shíl mé fhéin go ceann fada go leor gur sórt de Fhionn Mac Cumhaill a bhí in Chéarlie Mór. Lá ar bith a gcasfaí duit é bhí scéal úr aige faoi cé comh láidir agus a bhí sé ag naoi mbliana!! Na Blianta Deireanacha. Thóg Pádraig Den teaghlach mhór sa teach beag sin ach na blianta ar ghnáth liomsa tréimhse a chaitheamh fá Dhumhaigh sa tSamhradh cha raibh duine ar bith fá tigh Den ach Hughie agus Neaty. Thart fán am sin phós Neaty Maggie Nochaí as Baile an tSléibhe. Choinnigh siad teach néata, slachtmhar agus bhí urlár deas de leacacha sa chistin agus tine oscailte den tseandéanamh ann. Ceann de na rudaí a ba ghnách a bheith i gcuid mhór tithe san am sin ná seilf os cionn na tineadh agus bhíodh a lán or- náidí beaga deasa ina shuí orthu. Bhi a mha- casamhail tí Den. Hughie agus an Colmán. Is cuimhin liom go maith tráthnóna Domhnaigh amháin a shiúil mé fhéin agus mo dheartháir Micheál isteach tigh Den. Cha mhó ná go raibh muid taobh istigh den doras nuair a chomharthaigh Hughie dúinn a bheith iontach socair, cha raibh istigh ach é fhéin agus cad é a bhí sé ag déanamh i lár an urláir ach ag tabhairt min choirce do cholmán a bhí sé i ndiaidh a mhealladh isteach ‘ un tí. Ceann acu seo a raibh fáinne uirthi agus a chuaigh ar seachrán is dócha. Bhí soitheach uisce aige ar an urlár di fosta. B ’ aoibhinn agus ba shuaimhneach an ra- dharc a bhí ann, Hughie ag cur síos dúinne ar an dóigh ar éirigh leis an t - éan álainn seo a mheal- ladh ‘ un tí agus ansin é ag caint go ciúin modhúil leis an éan agus ag cuimilt a clúimh go ceanúil ach a Dhia na Glóire cha raibh an ra- dharc i bhfad ag athrú. Thóg Micheál a chos le tréan diabhlaíochta agus thug sé buille beag den urlár lena bhróg. D ’ éirigh an t - éan go tobann agus d ’ eitil sí ar bhfiáin fríd an tigh, a cuid eiteoga ag flapáil achan bhealach agus nach í a rinne an scrios ceart de na hornáidí ar an tseilf, agus olc agus mar bhí an t - éan bhí Hughie deich n - uaire níos measa, go háirithe nuair a chonaic sé a chuid ornáidí ag titim ina smidiríní i lár an urláir agus cleiteacha ar fud na cistinne. Bhí an bairéad de le seo, achan mhallacht aige agus é ag damhsa le tréan feirge agus é i ndiaidh an éin ar fud na cistinne. Rinne a chuid sciatháin agus an bairéad níos mó flapála ná eiteoga an éin agus é ar a dhícheall ag iarraidh í a threorú i dtreo a ’ dorais sul a mbeadh scrios ceart déanta aici den chistin. Agus dár ndóigh más mó Neaty Phádraig Den
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3