Guth Ghoill, Eagrán 26

Eagran 26 Meitheamh 2009 5 scairtí agus eascaine a bhí uaidhsean más mó ea- gla a bhí ag teacht ar an éan bhocht. Agus seo uilig ag dul ar aghaidh bhí mé fhéin agus Micheál inar seasamh taobh istigh den doras, gan smid asainn leis an eagla agus cha raibh a fhios againn cé acu a mbogfas muid nó nach ndé- anfadh ach cha raibh Hughie i bhfad ag dé- anamh suas ár n - intinn dúinn --- ‘ Caidé ’ n mallacht Dé atá sibhse ag déanamh in bhur seasamh istigh anseo, glanaigí libh go f --- amach as seo agus na taraigí ar ais ’. Cha raibh fiacha ar bith air an t - ordú sin a thabhairt uaidh an dara huair agus bhain muid na bonnaí as chomh tiubh géar is thiocfadh linn. Is cosúil go bhfuair sé an t - éan amach as an teach ar dhóigh inteacht! Ach sin agus eile ba dhuine suaimhneach a bhi in Hughie, fear a choinnigh aige fhéin agus nár chuir amach nó isteach ar dhuine ar bith. Bunadh Mhuintir Den. Ba theach Phádraig Den a tugadh ar an teach seo i m ’ amsa ach má théann muid siar in am ba theach Shéarlaí Shorcha a bhí ann lá den tsaol (Chéarlaí Mac Laifeartaigh). Níl a fhios againn cén t - ainm baiste a bhí ar athair Shearlaí ach go raibh sé pósta ar bhean a raibh Sorcha uirthí. Bhí Chéarlaí é fhéin pósta ar bhean de bhunadh Inis Eoghain a raibh Jennie Dochartaigh uirthi. Chéarlaí Mac Laifeartaigh agus Jennie Dochartaigh . Ceathrar clainne a bhí acu: Den, (Den Shéarlaí Shorcha) Sarah (Sarah Shéarlaí ….), Hughie (Hughie Shéarlaí ….) agus Dinny (Dinny Shéarlaí ……..). Bhí Den pósta i nDumhaigh. (sa teach a bhfuil muid ag caint faoi). Cha raibh Dinny pósta agus ba é a thóg an teach i nDumhaigh ina raibh cónaí ar mhuintir Hughie Den, an teach a dódh i 1959. Chuaigh Hughie agus Sarah go Meiriceá. Tháinig siad ar ais agus bhí Hughie pósta i Mín a Lábáin (Churchill) áit ar thóg sé cúigear mac agus triúr iníonach. Pósadh Sarah ar Johnny Mháire. Ba seo an tríú bean a bhí aige. Bhí cónaí orthu sa Lodge áit ar reáchtáil siad teach lóistín agus feirm agus bhí siopa acu fosta in aice na céidhe. Den Shéarlaí Shorcha agus Nancy Nic Giolla Bhríde . I ndiaidh ama Shéarlaí agus Jennie ba Den a rinne cónaí agus a thóg a chlann sa teach seo a bhfuil muid ag caint faoi. Bhí sé pósta ar Nancy Mhór Nic Giolla Bhríde as an Chorrach. Bhí seisear clainne acu—Jack Bán, Pádraig, Jennie, Chéarlaí, Neaty Rua agus Hugh- ie (Hughie Den Shéarlaí Shorcha). Tógadh iad uilig sa teach beag seo. Ní raibh sé chomh mór fiú san am sin agus a bhí sé na bliantaí ina dhi- aidh sin mar nach raibh an píosa is cóngaraí den bhealach curtha leis an teach ag an am sin. Bhi Jack Bán, Pádraig, Neaty Rua agus Hughie pósta fán bhaile agus d ’ imigh Chéarlaí agus Jen- nie go Meiriceá. Meiriceá. D ’ fhoghlaim muid uilig scéal Naomh Pádraig nuair a bhí muid ar an scoil agus an dóigh ar chuala sé glórtha ag scairtigh leis ina chodladh nuair a bhí sé ag buachailleacht ar Shliabh Mis. Níl a fhios agam ar chuala daoine ón taobh seo tire scairt den chineál seo ón taobh eile den Atlantach mar is cinnte go dtug slua mór acu a n - aghaidh an treo sin. Tháinig Naomh Pádraig ar ais ach ar an drochuair bhí scaifte mór de bhunadh an cheantair seo nár éirigh leo pilleadh ar a bhfód dúchais ariamh. Bhí Chéarlaí Den ar dhuine acu seo. Chuaigh Chéarlaí Den go Meiriceá i mí Mei-

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3