Guth Ghoill, Eagrán 26

Eagran 26 Meitheamh 2009 6 thimh 1893 nuair nach raibh sé ach naoi mbliana déag. Phós sé Annie Bhoydie (Ní Bhrollacháin, iníon le Paidí Bhoydie, bheadh sí ina haintín ag Jimí) ag tús an chéid dheireanaigh agus bhí ceathrar clainne acu - Annie, Bernard, Máire agus Cití. Fuair sé bás thall i 1933. D ’ imigh Jennie Den go Meiriceá thart fán bhliain 1888. Pósadh í ar fhear as an Ghleann Ard 1893. Is cosúil gur shocraigh siad a theacht ar ais agus a dteaghlach a thógáil sa tír seo. Tháinig Jennie agus an chlann ‘ na bhaile agus bhí siad ina gcónaí ag athair a céile ar an Ghleann. Tháinig a fear céile ‘ na bhaile dhá bhliain ina dhiaidh sin ach ar an drochuair bhí eitinn (TB) air agus fuair sé bás go goirid i ndiaidh dó a theacht ‘ na bhaile. Bhí sise fágtha ar an Ghleann ansin agus gan teacht isteach ar bith aici agus mar sin de shocraigh sí a dhul ar ais go Meiriceá. D ’ fhág sí a cuid páistí ina diaidh—cúigear acu a bhí ann agus bhí siad fágtha thall agus abhus ag a cuid deartháireacha. Chuir sí an pasáiste na bhaile dóibhthe de réír a chéile agus sa deireadh thiar thall bhí siad uilig ina cuideachta arís i Meiriceá. Fuair sí bás sa bhliain 1948. Bhí Jack Bán pósta i Ros na Binne ar Mháire Ni Shraotháin. Ba seo an teach a raibh cónaí ar Mhicí Jimí ann sna blianta ina dhiaidh sin. Ní raibh teaghlach ar bith acu. Bhí Neaty Rua pósta dhá uair. An chéad uair ar Cháitríona Johnny Chanainn agus bhí triúr clainne acu, Máire, Nancy agus Jennie. Chuaigh siad seo uilig go Meiriceá agus níor tháinig siad ar ais ariamh. Nuair a fuair Cáitríona bás pósadh é ar Mháire Aindí Hiúdaí. Bhí duine amháin clainne acu, ba sin Den nó Den Mháire mar ab fhearr aithne air a bhí ar fostú tigh Mhic Giolla Shionnaigh agus ar scríobh muid faoi nuair a bhí muid ag scríobh faoi Cheann na Leargaí. Fuair Den bás i 1973. Bhí Hughie pósta ar Mháire Shéarlaí Dhonchaidh Mhóir (Nic Giolla Bhríde) as an Chorrach. Bhí cónaí air i nDumhaigh sa teach a thóg a uncal Dinny Shéarlaí, an t - uncal nach raibh pósta. Bhí ochtar clainne acu: Nancy, Chéarlaí, Donchadh, Den, Neaty, Siosáile, Máire agus Biddy. Fuair Den bás ag seacht mbliana, bádh Donchadh 1958 agus fuair Nancy, Chéarlaí agus Neaty bás thart ar dheich mbliana ó shin. Tá Siosáile, Máire agus Bidí beo go fóill. Pádraig Den (Shéarlaí Shorcha) agus Sorcha Chonchúir Rua. Bhi Pádraig pósta ar Shorcha Chonchúir Rua as Baile an tSléibhe agus ba sa teach seo a thóg siad a gclann: Den, Nochaí, Hughie, Brianaí, John Rua, Neaty, Nancy, Tuathal agus Nóra. Fuair Nancy bás óg agus bádh Den, an fear ba shine agus é ar an bhealach isteach i ndiaidh a bheith amuigh ag iascaireacht gliomach. Bhí sé dhá bhliain déag agus fiche. Bhí John Rua leis ach tugadh tarrtháil airsean. Cha raibh fá bhaile sna blianta deireanacha ach Neaty agus Hughie. Chuaigh Nochaí go Meiriceá i 1925 agus pósadh é ar Mháire Éamoin (Nic Fhionlaoch). Tá Nochaí marbh le blianta. D ’ fhan Hughie fán bhaile agus cha raibh sé pósta. Chuaigh Brianaí go Meiriceá i 1928 ach tháinig sé ar ais agus bhí sé pósta i nGlaschú ar Ghracie John Eoin (Ní Luodhóg). Cha raibh John Rua, an fear a sábháileadh an lá a bádh a dheartháir Den, pósta agus fuair sé bás in Albain sna seascaidí. Fuair Nancy bás óg agus chaith Tuathal a shaol fá Albain ach cha raibh sé pósta ach oiread. Bhí Nóra pósta ar John Nead Thuathail (Ó Gallchóir) agus fuair sí bás ina bean óg sna caogaidí. Mar a dúirt mé phós Neaty Maggie Nochaí ach cha raibh teaghlach ar bith acu. Ba é an duine deireanach dena bhunadh a rinne cónaí sa teach beag seascair seo . Neaty Phádraig Den Shéarlaí Shorcha. Aodh Mac Laifeartaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3