Guth Ghoill, Eagrán 26

Eagran 26 Meitheamh 2009 7 Rinne muid an turas fada go Ros Muc, Co. Na Gaillimhe áit bhreithe an Phiarsaigh, le páirt a ghlacadh i gcomórtas peile na Gaeltachta deireadh seachtaine na Cincíse 29ú Bealtaine – 1Meitheamh. D ’ fhág muid na Dúnaibh ar bhus Mhic Íomhair maidin Dé hAoine ag súil go ndéanfadh muid gnoithe maith sa chomórtas ach níor éirigh linn, ach bhain achan duine a rinne an turas idir pheileadóirí agus lucht tacaíochta an - sult as an deireadh seach- taine. Cuireadh fáilte mhór romhainn i Ros Muc agus bhí eagraíocht thar barr déanta acu ar an chomórtas. Imríodh an chéad chluiche maidin Dé Sathairn ar Pháirc an Phiarsaigh, Ros Muc in éadan Mhoindearg as Londain agus bhí an cluiche seo i bhfad ní ba dheacra ná mar bhí muid ag dréim leis. Ag leath - am bhí muid dhá phointe ‘ un deiridh 0 - 4 le 0 - 6 ach de réir a chéile sa dara leath laghdaigh muid an bhearna agus sna bomaití deireanacha chuaigh muid chun tosaigh le pointí ó Dhairean Mac Grianna agus ó Ghary Mac Laifeartaigh. Nuair a shéid an réiteoir an fheadóg bhí muid pointe ‘ un tosaigh 0 - 9 le 0 - 8 . Tar éis an chluiche rinne na peileadóirí a mbealach chun na farraige le faoiseamh a thabhairt do na géaga tuirseacha mar go raibh cluiche eile le himirt acu an tráthnóna sin. Ar pháirc Naomh Anna, Leitir Mór a himríodh an dara cluiche ag a sé a chlog tráthnóna nuair a d ’ imir na Dúnaibh i gcoinne Laochra Loch Laoi as Béal Feirste. Bhí sé soiléir ón taispeántas a thug siad sa chluiche seo go raibh siad iontach tuirseach agus go raibh na hiarrachtaí a rinne siad sa chéad chluiche ag cur isteach go mór orthu. Bhí muid ‘ un deiridh ag leath - am 2 - 6 le 0 - 6. Rinneadh roinnt athruithe ag leath - am agus tháinig feabhas ar na himreoirí ach bhí an damáiste déanta. Ag deireadh an chluiche bhí muid sé pho- inte ‘ un deiridh agus ba é an scór a bhí ann ná, 3 - 9 le 1 - 9 rud a chiallaigh go raibh muid as an chomórtas. Bhí díomá mhór ar achan duine ach bhí muid sásta go ndearna na peileadóirí a ndíche- all agus tá muid bródúil astu agus fosta tá muid iontach bródúil as an dóigh ar iompar siad iad fhéin le linn deireadh seachtaine an chomórtais. Ba mhaith leis an chlub a mbuíochas a chur in iúl don slua mór ón pharóiste a rinne an turas fada ó dheas le tacaíocht a thabhairt do na lads agus tá siadsan fíorbhuíoch ar ucht na tacaíochta sin. Fosta ba mhaith leis an chlub a mbuíochas a chur in iúl dóibhsean uilig as an cheantar a rinne ur- raíocht ar an fhoireann. Seo leanas an painéal a bhí ag na Dúnaibh sa chomórtas: Seán Mac Giolla Chóill, Colin Ó Gallchóir, Caoimhín Mac Aodha, Séamus Mac Giolla Bhríde, Daithí Hay, Aodh Mac Suibhne, Séamus Ó Gallchóir, Seán Mac Giolla Bhríde, Micheál Ó Bródlaigh (M), Seaghán Mac Laifeartaigh, Aaron Comórtas Peile na Gaeltachta.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3