Guth Ghoill, Eagrán 26
Eagran 26 Meitheamh 2009 8 Tá an baile fearainn seo suite ar an taobh thoir de Ros Goill, ar bhruach na Maoile Ruaidhe, faoi scáth Gháinne Mór agus ar an chríoch le Ceann na Leargaidh, Machaire Beag agus Cluain tSaileach. Cé go ndeirtear gur ó bhaile fearainn Mhíobhaigh a fuair an paróiste a ainm níl ballóga na seaneaglaise sa bhaile fearainn seo ach i gCluain tSaileach, an baile fearainn in aice leis, ach de réir leabhar Leslie W. Lucas “Mevagh down the years” is cosúil go raibh teorainn Mhíobhaigh níos faide ó thuaidh sa tseanré agus go raibh suíomh na heaglaise i Míobhaigh am amháin. Glactar leis anois go gcríochnaíonn Míobhaigh ag an sruthán in aice na croise os cionn na reilige ach sa tseanam ba é an balla ar chúl seanOifig an Phoist a bhí mar theorainn agus d’fhág sin teach Uí Bhuaidhe i Míobhaigh. Tá marcanna, ciorcail agus crosa a bhí inscríofa in am réamh-Chríostaí, le feiceáil ar charraig sa bhaile fearainn seo. Sa chuibhreann os comhair “An Síbín Ceoil” bhí “Tobar na Súl” ach níl a dhath de le feiceáil anois. Dúradh go raibh leigheas in uisce an tobair seo Mac Laifeartaigh, Pádraig Mac Rodaigh, Mac Roibeard, Daireann Mac Grianna, Seán Ó Buaidhe, Dónal Mac Giolla Bhríde, Finghín Mac Laifeartaigh, Garry Mac Laifeartaigh, Seagha Mac Giolla Chóill, Peadar Mac Giolla Bhríde, Séamus Mac Pháidin, Ruaidhrí Ó Conchúir, Marcus Ó Curráin, Brian Ó Bu- aidhe, Máirtín Mac Lochlainn, Tomás Ó Luodhóg, Deaghlán Mac Giolla Bhríde, Micheál Ó Bródlaigh (P) agus Daithí Baxter.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3