Guth Ghoill, Eagrán 26

Eagran 26 Meitheamh 2009 9 do ghalraithe súile. Níor tháinig an méid sin athruithe ar an bhaile fearainn seo thar na blianta i gcomparáid leis an chuid eile den cheantar. Ocht dteach cónaithe atá anseo anois agus ag dul ar ais go dtí luath sa chéad dheireanach sé theaghlach a bhí ina gcónaí ar an bhaile fearainn seo. I Míobhaigh Uachtarach bhí Teach Eoghain Uí Bhuaidhe, (Eoghan Phaidí Bhuaidhe), Teach na Moores (Na Mooraigh) in aice leis agus Teach Dhonnchaidh Uí Bhuaidhe (Donnchadh Phaidí Bhuaidhe) thíos futhú agus bhí teach amháin eile a bhí ligthe amach ar cíos anois agus arís. Teach stór go leith a bhí ann agus bhí sé ar an taobh eile de theach na Mooraigh. Ba le muintir Mhic Giolla Choinnigh (muintir Shéarlaí Dháibhí, teaghlach a bhfuil cur síos déanta againn orthu agus Ceann na Leargaidh a dhéanamh againn in Eagrán 20) an teach seo, bhí dhá theach acu anseo am amháin ach ní raibh fágtha ach na seanbhallóga i m’amsa. Ba leis an teaghlach seo an cnoc thuas ar chúl na dtithe seo ar a nglaoitear “Cropie (Crobie) Hill” fosta. D’úsáidtí an cnoc seo in amanna mar aicearra. Dá mbeifeá ag glacaint an aicearra seo d’fhágfá an bealach mór ag an áit a bhfuil an bealach ag dul isteach tigh William Mc Nutt anois agus thiocfá amach ag barr mhalaigh Chluain tSaileach. Leoga níl a fhios agam an raibh mórán d’aicearra ann nó ar baineadh mórán úsáide as. I Míobhaigh Íochtarach bhí trí theaghlach darbh ainm Mac Giolla Choinnigh; Teach Mhata, (Mhaitias) Teach Alick agus Teach Jacob. Bhí feirm bheag ag dul le achan teach, roinnt eallaigh, beithigh agus cearca. Dhíoltaí prátaí agus uibheacha leis na siopaí; bheadh bairille de scadáin ghoirte nó éisc bhuí ag achan teach agus go minic tchífeá éisc crochta ar an líne le triomú. Bhí sliogéisc fairsing go leor fá na cladaí fosta agus ba ghnáth le muintir an bhaile uilig a bheith ag cruinniú faochóg mar go raibh siad breá flúirseach ag an am. Sna caogaidí gheofá sé scillinge ar chéad meáchain faochóg ach sa lá atá inniu ann gheofá € 140 cé go gcaithfeá cuid mhór ama ag líonadh céad meáchain anois de thairbhe iad a bheith chomh gann sin. Is dócha go raibh níos mó cladaí ar an taobh thoir le haghaidh na bhfaochóg ná mar bhí ar an taobh thiar agus ba as chruinniú na bhfaochóg a baisteadh ‘lucht na bhfaochog’ mar leasainm ar mhuintir an taobh thoir. Leagadh seanteach Eoghain, teach na Mooraigh agus na seanbhallóga a bhí ar thaobh an bhealaigh in aice leo sa bhliain 1986 nuair a bhí an Chomhairle Contae ag leathnú an bhealaigh. Míobhaigh Uachtarach Bhí teach Eoghain Phaidí Bhuaidhe tógtha ag an choirneál ar fhód an bhealaigh mhóir agus níor tugadh ariamh ar an choirnéal sin ach coirnéal tigh Eoghain. Bhí Eoghan ar dhuine de thrí chloigeann déag de chlann, triúr iníonach agus deichniúr mac, a bhí ag Paidí A’ Buaidhe agus a bhean Sally Dhomhnaill (Nic Giolla Bhríde) i nDún Dúbháin. Ach ar an drochuair cailleadh Paidí agus a mhac Frank, nach raibh ach seacht mbliana déag, go tubaisteach sa bhliain 1891 agus iad ag iascaireacht gliomach amach ó Bháighe Thrá na Rossan. D’fhág sin clann mhór óg le tógáil ag Sally ar a cuid fhéín. (Féach eagrán 20, Ceann na Leargaidh). Bhí Eoghan ó Buaidhe pósta ar Mháire Nic Suibhne agus bhí ochtar clainne acu: Paidí, John, Joe, Micí, Peigí, Sara, Dan agus Frank. Ba as Fánaid ó thús í Máire agus bhí a hathair ag obair mar bhúistéir don Tiarna Liatroma. D’aistrigh teaghlach Mhic Suibhne go Carraig nuair a thóg an Tiarna teach úr dóibh ansin. Phós Eoghan agus Máire in Albain agus chaith siad traidhfil blianta ann, áit ar rugadh an duine ba sine den teaghlach, ba sin Paidí. Ansin i ndiaidh dóibh pilleadh ar an bhaile fuair siad ceann de na Eoghan Phaidí Bhuaidhe

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3