Guth Ghoill, Eagrán 27

Eagrán 27 Lúnasa 2009 10 soir go Fánaid ar an bhád agus é ag tabhairt teileagraim fhad le Glinsce. Fuair Máire Bean Mhic Eiteagáin as na Dúnaibh a céad post i Scoil Bhaile Uí Shírín i bhFánaid agus is cuimhin léi dul ar an bhád corr Dhomhnach agus filleadh an bealach céanna achan Aoine. Labhraíonn Mícheál Ó Griobhair as an Mhaol Rua faoi ‘Lizzie the Boat’ agus í ag rámhaíocht anonn is anall agus í os cionn na ndeich mbliana agus trí scór! Deir sé gur ghnáth le muintir Fhánada a gcuid ainmhithe a shnámh ar chúl an bháid ar téad agus iad ar a mbealach go dtí an aonach i mBaile na nGal- lóglach. Ba ghiorra agus b’fhusa dóibh sin a dhéanamh ná siúl thart ar an bhealach mhór. Deir sé nár shnámh na muca, áfach, mar bhí contúirt ann go ngearrfadh siad a sceadamáin lena gcrúba féin. Bheadh dul amú ar dhuine ar bith a shílfeadh gur obair réidh a bhí sa rámhaíocht seo, toisc nach raibh ann ach 340 meadar, mar a shíl mé féin, tráth. Bheadh ar fhear nó ar bhean an bháid, an bád a aimsiú i dtreo pointe i bhfad ó dheas nó i bhfad ó thuaidh dá gceann scríbe ag brath ar cé acu an raibh an taoide ag líonadh nó ag trá agus ansin ligint don mhear- shruth iad a iompair isteach ‘na chla- daigh. Bheadh aistear de leath mhíle, ar a laghad, in achan thrasnú nuair a chuirtí achan rud san aireamh! Seo pictiúr de Ruby McElhinney nó McCloy a hainm pósta, agus ba é a teaghlachsa a bhí i mbun na seirbhíse. Leoga, bhí sí i mbun na rámha í féin ina lá, agus tá bród thar cuim- se uirthi maidir lena teaghlach a rinne freastal fada agus dílis ar mhuintir an dá phobal ar feadh na nglúnta. Ba dheas dí bheith i láthair ag an ócáid shuntasach a bhí ann le gairid nuair a rinneadh an droichead a oscailt go hoifigiúil. Maidir le bádaí rámhaíochta, is beag athrú atá ar an chóras a bhí i bhfeidhm sna meánaoiseanna agus an córas a bhí ag dul sna 1960í. Chuirfeadh an smaoineamh rómánsach sin duine ag machnamh go mór faoin tsean- am. Ní raibh ach cúpla céad slat idir an áit a d’fhág an bád agus Teach Mór an Tiar- na Liatroma ach bhí sé de dhánacht ag fear de na fir a mharaigh an Tiarna Liatroma, fil- l eadh go Fána i d a r an bhád farantóireachta, agus na péas go géar sa tóir ar na feallmharfóirí! Chuaigh Mícheál Ó hOireachtaigh go dtí Tobar a’ Dúin, díreach i ndiaidh an dúnmharaithe, chun ailibí a chumadh dó féin agus ba ar a bhealach abhaile a rinne sé an darna gníomh dána seo. Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Cad é atá againn ar an láthair seo anois ach an droichead ollásach seo ar a dtugtar Droichead Anraoí Bléine, a d’oscail An Taoiseach Brian Ó Cobhain, T.D. ar an 15ú Bealtaine 2009. Níor fhás sé ansin, ar ndóiche, ná ní de thaisme a tharla sé a bheith ann ach oiread. Nuair a bhí an rialtas san fhaopach le linn na naoi déag nóchaidí, bhí cothromaíocht na cumhachta ag roinnt teachtaí Dála ne- amhspleácha, Anraoí Bléine ina measc agus is cosúil go ndearna sé margadh leis An Taoiseach Bertie Ahern ar son a chuid tacaíochta. Is de bharr an mhargaidh seo a sheasann an droichead úr anseo inniu. Is struchtúr mórthaibhseach é an droichead starrmhaide (cantilever) seo atá 340 meadar ar fhad agus 6,000 meadar ciúbach stroighin ann, sé sin an méid céanna agus 1,000+ leoraí stroighin. Tá 4,000 meadar de shaothar drae- nála ann agus 20,000 meadar cearnach de dhromchla bóthair ann chomh maith. Tá sé an airde chéanna le foirgneamh seacht stór agus téann an réise droichid seo thar chaolas chontúirteach ina bhfuil sruth millteanach gasta ag reáchtáil. Tá mór-éilimh ar an droichead cheana féin ón dá phobal agus rian An Bád farantóireachta ag Ramhar Ros Tabhair fá dear na mná i mbun na rámhaíochta sa ghrianghraf seo a glacadh sna 1890í.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3