Guth Ghoill, Eagrán 27

Eagrán 27 Lúnasa 2009 11 na tairbhe le feiceáil sna siopaí agus sna tithe gnó i gCarraig Airt. Is cosúil go mbeidh sé ina cheangal thábhachtach idir Ghaeilgóirí Ros Goill agus Fánaid fosta mar, i gcásanna mar seo, is fearr aontú ná deighilt i dtólamh. Mar a dúradh cheana, bíonn sruth gasta ag reáchtáil i mBá na Maoile Ruaidhe. Is é 2.13 meadar sa soicind, nó 5.47 míle san uair, an gnáth luas atá leis an sruth seo ach in am rabharta, bíonn luas 9 muirmhíle san uair leis an sruth líonta agus 14 muirmhíle san uair leis an sruth trá ag an Dara Caolas! Ciallaíonn seo go bhfuil an t-uisce ag sileadh ag 10.35 míle san uair agus 16.1 míle san uair, ag braith ar cé acu ag líonadh nó ag trá ata sé. Éalaíonn 33,000,000 lítear uisce achan bhomaite ag an phointe seo! Ní dhéanfadh sé dochar ar bith do lucht ginte an leictreachais nóta a dhéanamh do chuid de na staitisticí seo. An chéad uair eile a bhíonn tú ag tiomáint nó ag siúl nó ag rothaíocht thar dhroichead na Maoile Ruaidhe, b’fhéidir go dtabharfadh an cuntas beag seo ábhar suime agus ábhar machnaimh duit agus tú ar do bhealach. Caoimhín Mac a’Bháird An Seó Mór Seo grianghraif a glacadh nuair a chuir na páistí atá páirteach sa Tionscnamh Pleanála Teanga an dráma “ Balor an Drochshiúl i láthair i gColáiste Ros Goill ar 18 Meitheamh. Bhí an scéal seo bunaithe ar mhiotaseolaíocht na tíre, go háirithe tuaisceart na tíre agus Balor an Drochshúil. Bhí achan sórt ann; na Tuatha Dé Dannan, na Fomhóraigh, síoga, troid agus ceiliúradh, damhsa agus ceol. Tá moladh mór tuilte ag na háisteoirí seo a chur seó iontach i láthair agus ag a dtui- smitheoirí a chuidigh ar chúl stáitse ar an oíche agus a chuidigh sna seachtainí roimhe leis an chleachtadh, leis na culaithe agus leis an fhearas stáitse. Scoth oíche.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3