Guth Ghoill, Eagrán 27

Eagrán 27 Lúnasa 2009 13 Campa Samhraidh Chéim Aniar Seo thuas páistí a ghlac páirt i gCampa Samhraidh Chéim Aniar ó 6 - 10 Iúil in Ionad CLG na nDúnaibh. Bhí an campa a reáchtáil go h - iomlán trí mheán na Gaeilge agus bhí an t - ádh orainn arís i mbliana gur mhair an aimsir mhaith i rith na seachtaine. I measc na n - imeachtaí bhí peil, tarraingt téide, ealaíona agus ceardaíocht, tráth na gceist, comórtas tógáil caisleán, tóraíocht taisce, amhránaíocht, agallaimh beirte agus dánta agus chuir na páistí seó beag i láthair ar an Aoine. Beidh an chéad champa eile againn ó 17 - 21 Lúnasa.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3